Matha 11:22 - An Bíobla Naofa 198122 Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag Síodón lá an bhreithiúnais ná agaibhse. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)22 Ach deirimse libh, is éadroime a bheifear lá an bhreithiúnais ar Thoir agus ar Shiodón ná oraibhse. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara22 Acht deirim libh, go mbéidh sócamhal ag Tior agus ag Sídoin ar lá an bhreitheamhnais, thar mar bhéas agaibh-se. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)22 Acht adeirim libh, gur sócamhlaighe do Thuire agus do Shídóin é, lá an bhreitheamhnais, ’ná dhaoibh‐se. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)22 Achd cheana a deirimsi ribh, Go madh socamhluighe do Thírus agus do Shídon a ló an bhreitheamhnus, na dháoibhsi. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)22 Ach deirim libh, ámhthach, Beidh an sgéal níos saoire lá an bhreitheamhantais ag Tuíre agus ag Sídón ’na agaibh-se. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201222 Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag Siodón lá an bhreithiúnais ná agaibh-se. Féach an chaibidil |