Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 11:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Agus tusa, a Chafarnaúim, an suas go neamh árdóchar thú? síos go h‐ifreann ísleochar thú: óir dá ndéantaidhe i Sodom na gníomhartha éachtacha do‐rinneadh ionnat‐sa, d’fhanfadh sé ann go dtí an lá so.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 Agus tusa, a Chaparnáum, an ardófar go neamh thú? Is é rud, ísleofar go Háidéas thú. Mar dá mba i Sodóm a dhéantaí na móroibreacha a rinneadh ionatsa, bheadh sé ag fanacht ina sheasamh go dtí an lá inniu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 Agus tusa, a Chapharnaum, an amhlaidh a árdóchar go neamh thú? Rachaidh tú síos go h-ifreann. Óir dá ndéantaí i Sodom na míorbhailte a rinneadh ionnat-sa, b’fhéidir go mairfeadh sé go dtí an lá atá indiu ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agus tusa, a Chapernáum, a tá ar do thógbháil súas go neamh, téilgfidhthear síos go hifrionn thú: óir dá madh a measg luchd Shodoim do dhéantuidhe na míorbhuile, do rinneadh ionnadsa, do anfaidis gan sgrios gus a níu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Agus tusa, a Chapharnaum, an suas go flathas Dé a tógfar tú? Síos go h-ifreann iseadh a curfar thú; óir dá mba i Sodomaibh a déanfaí na fearta a deineadh ionat-sa, b’fhéidir go mbeadh an chathair sin ann do dtí an lá so.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 Agus tusa, a Chafarnáúm, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hIfreann a theilgfear thú! óir, dá mba i Sodam a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionatsa, bheadh sí ann go dtí an lá inniu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

23 Agus tusa, a Chafarnáum, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hifreann a theilgfear thú! óir, dá mba i Sodom a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionatsa, bheadh sí ann go dtí an lá inniu.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 11:23
30 Tagairtí Cros  

Go fírinneach adeirim libh, Is fearr go mór éireochas le tír Shodom agus Ghomorra, lá an bhreitheamhnais, ’ná leis an gcathair sin.


Agus adeirim‐se leat gur tusa Peadar, agus gur ar an gcarraig seo thógfad‐sa m’eaglais; agus nach mbuaidhfidh geataí ifrinn uirthi.


Agus nuair thángadar go Cafarnaúm, tháinig lucht na cíos‐chánach do ghlacadh chum Peadair, agus adubhradar, Nach n‐íocann do mháighistir‐se an chíos‐cháin?


agus ag imtheacht ó Nasair dhó tháinig sé chum bheith ’n‐a chómhnaidhe i gCafarnaúm, cois na fairrge ar theorainn Shabulón agus Neftalim,


Agus tar a éis dó dul isteach i gCafarnaúm, tháinig ceanntúir chuige,


Agus tusa, a Chafarnaúm, an dtógfar thú suas go neamh? síos go h‐ifreann cuirfear thú.


Óir an té árduigheas é féin, ísleochar é; agus an té ísligheas é féin, árdóchar é.


Agus i Hades dó, agus é beo‐phianta, d’árduigh sé a shúile, agus do chonnaic sé Abracham i bhfad i gcéin, agus Lasár ’n‐a ucht.


Agus adubhairt seisean leo, Adéarfaidh sibh liom, gan amhras, an sean‐fhocal so, A liaigh, leigheas thú féin: na neithe do‐chualamar do‐rinnis i gCafarnaúm, déan annso id’ dhúthaigh féin iad, leis.


De bhrigh nach bhfágfair m’anam san uaigh Agus nach leigfir dot’ Aon Naomhtha truailliú d’fheicsin.


ba é aiséirghe Chríost go raibh sé ag trácht air, agus é g‐á rádh nár fágadh é ar shlighe na marbh, agus nach bhfaca a fheoil truailliú.


Sodam agus Gomorra, agus na cathracha ’n‐a dtimcheall, mar an gcéadna, do lean de striapachas agus de chuirptheacht mhí‐nádúrtha, tugadh iad mar eisiompláir, ag fulang peannaide na teineadh síorraidhe.


is mise an tosach agus an deireadh, agus an Té bith‐bheo; agus do bhíos marbh, agus féach, atáim beo go saoghal na saoghal, agus atá eochracha báis agus ifrinn agam.


Agus béidh a gcuirp sínte ’n‐a luighe i sráid na cathrach móire ar a dtugtar go spioradálta Sodom agus an Éigipt, mar ar céasadh a dTighearna, chómh maith.


Agus thug an fhairrge uaithi na mairbh do bhí innti; agus thug an bás agus Hádes uatha na mairbh do bhí ionnta: agus tugadh breitheamhnas ar gach aon duine aca do réir a ghníomhartha.


Agus do dhearcas, agus féach, capall liathbhán: agus an té do bhí ar muin air, is é an Bás dob’ ainm dó; agus do lean Hádes ’n‐a chuideachtain. Agus tugadh cumhacht dóibh ar an gceathramhadh cuid de’n talamh, chum bheith ag marbhadh leis an gclaidheamh, agus leis an ngorta, agus leis an bpláigh, agus le h‐ainmhidhthibh allta na talmhan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí