Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 11:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Tigidh chugam‐sa, sibh uile ar a bhfuil duadh agus trom‐ualach, agus do‐bhéarfad fionnfhuaradh dhaoibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 Tagaigí chugamsa, a dhream úd a mbíonn saothar mór agus ualaí troma oraibh, agus tabharfaidh mé suaimhneas daoibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 Taraigidh chugam-sa, sibh-se uilig a bhíos tuirseach ag obair agus faoi ualach throm, agus bhéarfaidh mé faoiseamh díbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Tagaidh go léir ag triall orm-sa, gach duine go bhfuil cruadhtan agus tromualach air, agus tabharfad-sa faoiseamh oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 “Tagaigí chugam, sibh-se uile a bhfuil saothar agus tromualach oraibh, agus tabharfaidh mé faoiseamh daoibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

28 “Tagaigí chugam, sibhse uile a bhfuil saothar agus tromualach oraibh, agus tabharfaidh mé faoiseamh daoibh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 11:28
36 Tagairtí Cros  

Tógaidh mo chuing‐se oraibh, agus foghlaimidh uaim, óir atáim ceannsa agus umhal im’ chroidhe: agus do‐gheobhaidh sibh faoiseamh d’bhúr n‐anmannaibh.


Thairis sin, ceanglaid ualaighe troma, do‐iomchair, agus cuirid ar ghuailnibh na ndaoine iad; acht ní h‐áil leo féin a gcorruighe le n‐a méir.


Gach a dtugann an t‐Athair dhom, tiocfaidh sé chugam, agus an té thig chugam ní chuirfidh mé uaim é ar chor ar bith.


Agus an lá deireannach de’n fhéile, an lá mór, do sheas Íosa agus do ghlaodh sé ós árd, Má tá tart ar aon duine, tagadh sé chugam‐sa, agus óladh sé.


Cad chuige dhaoibh anois, d’á bhrigh sin, cathú do chur ar Dhia, ag cur cuinge ar mhuineálaibh na ndeisceabal, nár fhéad ár sinnsir ná sinn féin d’iomchar?


Do bhíos im’ eisiompláir dhaoibh ins gach éinnidh, g‐á thaisbeáint daoibh gur ag obair ar an gcuma sin ba dhual daoibh cuidiú leis na daoinibh laga, agus cuimhniú ar bhriathraibh an Tighearna Íosa, mar adubhairt sé, Is mó is beannuighthe bronnadh ’ná glacadh.


Is chum saoirse do rinne Críost saor sinn: seasaidh go daingean, mar sin, gan bheith ceangailte arís fá chuing na daoirse.


agus suaimhneas i n‐éinfheacht linne do thabhairt daoibh‐se, nuair foillseochar an Tighearna Íosa ó neamh, mar aon le h‐ainglibh a chumhachta,


Bíodh eagla orainn, d’á bhrigh sin, chómh fada agus fágthar an gheallamhain chum dul isteach ’n‐a shuaimhneas, a mheas gur theip ar aon duine agaibh breith uirthi.


Agus adeir an Spiorad agus an bhean óg nua‐phósta, Tar. Agus an té éisteas, abradh sé, Tar. Agus an té go bhfuil tart air, tagadh sé: an té gur ab áil leis é, glacadh sé uisce na beathadh i n‐aisce.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí