Matha 11:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)7 Agus nuair do bhí siad‐san imthighthe, do thosnuigh Íosa ar a rádh leis na sluaightibh i dtaobh Eoin, Cad é go ndeachaidh sibh amach sa bhfásach le n‐a fheicsin? giolcach d’á luascadh le gaoith? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)7 Nuair a bhí siadsan ag imeacht, thosaigh Íosa ag cur síos ar Eoin leis na sluaite: “Cad é an rud é a ndeachaigh sibh amach ar an bhfásach le hamharc a fháil air? Giolcach á luascadh le gaoth? Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara7 Agus nuair a bhí siad-san ag imtheacht, thoisigh Íosa a rádh leis na sluaighte fá Eoin: Cad é a ndeachaidh sibh amach san fhásach a fheiceáil? Giolcach dá luascadh le gaoith? Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)7 Agus air nimtheachd dóibhsion, do thionnsgain Iósa teachd thar Eóin ris ata gcoimhthionól, ag rádh, Créd é an ní agá ndeachabhair a mach fan fhásach dá fhéachain? An giolcach dá bhogadh ag an ngáoith? Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)7 Agus nuair a bhí an bheirt imthighthe do chrom Íosa ar labhairt leis na daoine i dtaobh Eóin: Cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach sa bhfásach? Slat d’a suathadh le gaoith? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20127 Le linn dóibh seo a bheith ag imeacht, thosaigh Íosa ag caint leis na sluaite faoi Eoin: “Cad a chuaigh sibh amach faoin bhfásach a fheiceáil? Giolcach dá suaitheadh ag an ngaoth? Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 19817 Le linn dóibh seo bheith ag imeacht, thosaigh Íosa ag caint leis na sluaite faoi Eoin: “Cad a chuaigh sibh amach faoin bhfásach a fheiceáil? Giolcach á suaitheadh ag an ngaoth? Féach an chaibidil |