Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 11:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus nuair a bhí an bheirt imthighthe do chrom Íosa ar labhairt leis na daoine i dtaobh Eóin: Cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach sa bhfásach? Slat d’a suathadh le gaoith?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Nuair a bhí siadsan ag imeacht, thosaigh Íosa ag cur síos ar Eoin leis na sluaite: “Cad é an rud é a ndeachaigh sibh amach ar an bhfásach le hamharc a fháil air? Giolcach á luascadh le gaoth?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus nuair a bhí siad-san ag imtheacht, thoisigh Íosa a rádh leis na sluaighte fá Eoin: Cad é a ndeachaidh sibh amach san fhásach a fheiceáil? Giolcach dá luascadh le gaoith?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus nuair do bhí siad‐san imthighthe, do thosnuigh Íosa ar a rádh leis na sluaightibh i dtaobh Eoin, Cad é go ndeachaidh sibh amach sa bhfásach le n‐a fheicsin? giolcach d’á luascadh le gaoith?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus air nimtheachd dóibhsion, do thionnsgain Iósa teachd thar Eóin ris ata gcoimhthionól, ag rádh, Créd é an ní agá ndeachabhair a mach fan fhásach dá fhéachain? An giolcach dá bhogadh ag an ngáoith?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Le linn dóibh seo a bheith ag imeacht, thosaigh Íosa ag caint leis na sluaite faoi Eoin: “Cad a chuaigh sibh amach faoin bhfásach a fheiceáil? Giolcach dá suaitheadh ag an ngaoth?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Le linn dóibh seo bheith ag imeacht, thosaigh Íosa ag caint leis na sluaite faoi Eoin: “Cad a chuaigh sibh amach faoin bhfásach a fheiceáil? Giolcach á suaitheadh ag an ngaoth?

Féach an chaibidil Cóip




Matha 11:7
15 Tagairtí Cros  

Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fear i n-éadaighibh míne? Féach, i dtighthibh na rí atá lucht an éadaigh mhín.


Ní bhrisfidh sé an cuaile leóinte, agus ní mhúchfaidh sé an líon go bhfuil an deatach as, go dtí go gcuirfidh sé amach breitheamhantas chun buaidhte.


Cá dtáinig an baiste a dhein Eóin? an ó neamh a tháinig sé, nó an ó dhaoinibh? Agus dheineadar-san machtnamh eatartha féin, agus dubhradar:


Agus bhí Ierúsalem ag dul amach ag triall air an uair sin, agus Iúdaéa go léir, agus an dúthaigh go léir tímpal ar an Iórdan.


Féachaidh, d’á bhrigh sin, conus a chloiseann sibh. Óir an t-é go bhfuil aige tabharfar dó; agus an t-e ná fuil aige, tógfar uaidh gach a measann sé atá aige.


Agus d’iompuigh Íosa, agus chonaic sé iad ’ghá leanmhaint, agus dubhairt sé leó: Cad ’tá uaibh? Agus dubhradar leis: A Rabbí (sé sin le rádh, a Mháighistir), cá gcómhuigheann tú?


Lóchran ar lasadh agus ag taithneamh ab eadh é siúd, agus níor mhisde libh-se ar feadh tamaill áthas a dh’fhághail ’n-a sholus.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí