Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 11:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus nuair a dh’airigh Eóin, agus é gabhtha, oibreacha Chríost, chuir sé beirt d’á dheisgiobulaibh féin ag triall air, agus dubhairt sé leis:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Nuair a chuala Eoin iomrá ar ghníomhartha an Chríost, agus é sa phriosún, chuir sé scéal chuige lena dheisceabail féin

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus nuair a chuala Eoin, agus é gaibhte, fá oibreacha Chríost, chuir sé beirt dá dheisciobail chuige, gur dhubhairt leis:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus nuair do‐chuala Eoin, agus é sa bpríosún, i dtaobh a ndearna an Críost, do chuir sé uaidh beirt d’á dheisceablaibh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Anois an tan do chúalaigh Eóin ann sa phriósún gníomhartha Chríosd, ar gcur deisi dá dheisgiobluibh úadh,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Chuala Eoin, agus é i bpríosún, iomrá faoi oibreacha Chríost, agus chuir sé scéala chuige trína dheisceabail féin,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Chuala Eoin, agus é i bpríosún, iomrá faoi oibreacha Chríost, agus chuir sé scéala chuige trína dheisceabail féin,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 11:2
11 Tagairtí Cros  

D’á bhrígh sin na geinealacha go léir ó Ábraham go dtí Dáibhid is cheithre glúine déag iad. Agus ó Dháibhid go dtí daor-bhruid na Babilóine cheithre glúine déag. Agus ó dhaorbhruid na Babilóine go dtí Críost cheithre glúine déag.


Óir bhí Héród tar éis Eóin do ghabháil agus do cheangal agus do chur i mbraighdineas mar gheall ar Heródias, bean a dhrithár.


Agus nuair airigh Íosa Eóin a bheith ’n-a phríosúnach d’imthigh sé go Gaililí;


Ansan do tháinig deisgiobuil le h-Eóin ag triall air, agus dubhradar: Cad chuige go ndeinimíd-ne agus na Fairisínigh trosgadh go minic agus ná deinid do dheisgiobuil-se trosgadh?


Óir do chuir Héród fir uaidh agus do ghaibh sé Eóin, agus cheangail sé é agus chuir sé i bpríosún é, mar gheall ar Héródias, bean Philib, a dhritháir, mar bhí sí ’n-a mnaoi aige.


Ach Héród, an tetrarc, nuair a labhair sé leis i dtaobh Héródias, bean a dhrithár, agus i dtaobh na ndroch-bheart eile a dhein Héród,


Agus d’airigh Héród, an tetrarc, gach nídh a bhí aige ’á dhéanamh, agus bhí sé ar mearbhall, mar deireadh daoine,


Nuair a chonaic Íosa gur airigh na Fairisínigh go raibh níos mó deisgiobul ag Íosa ’á dhéanamh agus ’á bhaisteadh ’ná mar a bhí ag Eóin


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí