Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 11:18 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Óir do tháinig Eóin gan ithe gan ól, agus deirid siad: Tá deamhan ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 Mar tháinig Eoin gan é ag ithe ná ag ól, agus deir siad ‘Tá deamhan ina chorp’;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 Óir tháinic Eoin gan é ag ithe ná ag ól, agus deir siad: Tá deamhan ann.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Óir tháinig Eoin gan bheith ag ithe ná ag ól, agus adeirid, Atá deamhan ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Oír tháinic Eóin ní ag ithe ná ag ól, agus a deirid síad, A tá deamhan ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 “Mar tháinig Eoin agus ní raibh sé ag ithe ná ag ól, agus deir siad: ‘Tá deamhan ann.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

18 “Mar tháinig Eoin agus ní raibh sé ag ithe ná ag ól, agus deir siad: ‘Tá deamhan ann.’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 11:18
17 Tagairtí Cros  

Is leór do’n deisgiobuil bheith mar a mháighistir, agus do’n tseirbhíseach bheith mar a thighearna. Má thugadar Beelsebub ar fhear an tighe, nách mó ’ná san a thabharfaid siad ar mhuintir a thighe é?


Dheineamair ceól daoibh ar phíbibh, agus níor dheineabhair rinnce; do chaoineamair, agus níor dheineabhair gol.


Agus isé éadach a bhí ar Eóin ná éadach déanta de ruainneach camal, agus crios leathair ar a chom; agus isé bia a bhí aige ’ná lócuistí agus mil fhiain.


Ach deireadh na Fairisínigh: Is le cómhacht rí na ndeamhan a chuireann sé amach na deamhain.


Agus na Sgríbhneóirí a tháinig anuas ó Ierúsalem, dubhradar gur bh’é Beelsebub a bhí istigh ann, agus gur le cómhacht rí na ndeamhan a bhí sé ag cur na ndeamhan amach.


Óir beidh sé mór i láthair Dé, agus ní ólfaidh sé fíon ná deoch mheisgeamhail, agus beidh sé lán de’n Spioraid Naomh ó bhroinn a mháthar féin.


Agus dubhairt cuid acu: Is amhlaid atá deamhan ann, agus tá sé as a mheabhair; cad ab aíl libh ag éisteacht leis?


Cad chuige dhaoibh bheith a d’iarraidh mé chur chun báis? D’fhreagair an tsluagh agus dubhradar: Deamhan atá ionat; cia ’tá a d’iarraidh thú chur chun báis?


Agus d’fhreagair na Iúdaigh é agus dubhradar: Nach maith adeirimíd-ne é gur Samaritánach tusa agus go bhfuil deamhan ionat?


Ansan dubhairt na Iúdaigh: Tá fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Ábraham marbh, agus na fáidhe, agus deirir-se, Má choimeádann duine mo bhriathar-sa ní bhlaisfidh sé bás go deó.


Le linn na cainnte sin do rád dhó agus é ghá chosaint féin dubhairt Féstus do ghuth árd: As do mheabhair ataoi, a Phóil. Tá iomad léighinn ’ad chomáint as do mheabhair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí