Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 11:17 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Dheineamair ceól daoibh ar phíbibh, agus níor dheineabhair rinnce; do chaoineamair, agus níor dheineabhair gol.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 ‘Sheinneamar na píobaí daoibh, agus ní dhearna sibh damhsa; rinneamar mairgneach, agus ní dhearna sibh brón.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

17 Agus a deir: Rinneamar ceol díbh, agus ní dhearna sibh damhsa; rinneamar caoineadh, agus ní dhearna sibh mairgneach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 agus g‐á rádh, Do sheinneamar ar an bhfeadán daoibh, agus ní dhearnabhar rinnce; do chaoineamar daoibh, agus ní dhearnabhar gol.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Agus a deir, Do rinneamar céol dháoibh, agus ní dhearnábhair dámhsa; do cháoineamar dháoibh, agus ní dhearnábhair gul.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 dá rá: ‘Rinneamar píobaireacht daoibh ach ní dhearna sibh rince; rinneamar caoineadh, ach níor bhuail sibh bhur n-ucht.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

17 á rá: ‘Rinneamar píobaireacht daoibh ach ní dhearna sibh rince; rinneamar caoineadh, ach níor bhuail sibh bhur n‑ucht.’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 11:17
15 Tagairtí Cros  

Ach cé leis go samhlóchad an tsliocht so? Is cosmhail iad le h-aos óg ’n-a suidhe ar an macha ag glaodhach ar a gcomrádaithibh: Agus ’ghá rádh:


Óir do tháinig Eóin gan ithe gan ól, agus deirid siad: Tá deamhan ann.


Agus dubhairt Íosa leó: An féidir do chlainn an Chéile bheith duairc an fhaid atá an Céile ’n-a bhfochair? Ach tiocfaidh an t-am i n-a dtógfar uatha an Céile, agus ansan déanfaid siad trosgadh.


Agus nuair a tháinig Íosa chun tighe an phriúnsa, agus nuair a chonaic sé na ceóltóirí agus an tsluagh ag déanamh fothraim,


Ach bhí an mac ba shine aige amuigh sa pháirc, agus bhí sé ag teacht chun an tighe, agus d’airigh sé an ceól agus an rinnce,


Agus bhí mórán daoine ’ghá leanmhaint, agus mná, agus iad ag gol agus ag caoi mar gheall air.


Is cosmhail iad le leanbhaí ’n-a suidhe ar áit an mhargaidh agus ag caint le n-a chéile, nuair a deirid siad: Dheineamair ceól daoibh ar phíbibh, agus níor dheineabhair rinnce; dheineamair caoine, agus níor ghoileabhair.


Agus bhí na daoine go léir ag gol agus ag caoi ’n-a diaidh. Agus dubhairt sé leó: Ná bídhidh ag gol; ní marbh atá an cailín, ach ’n-a codla.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí