Lúcás 3:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus sa gcúigeadh bliadhain déag de réimeas Thiberius Céasar, an tráth ’n‐a raibh Point Píoláid ’n‐a cheannphort ar lúdaea, agus Ioruath ’n‐a thetrarcha ar an nGaililé, agus Pilib a dhearbhráthair ’n‐a thetrarcha ar Itúraea agus ar Thrachónítis, agus Lusanias ’n‐a thetrarcha ar Abiléne, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ba í an cúigiú bliain déag í de ríocht Thiberius Caesar agus bhí Pointias Píoláid ina uachtarán os cionn Iúdaea; agus Iorua ina theitrearch i nGalailí, agus a dheartháir Pilib ina theitrearch i gceantar Ituraía agus Traconítis, agus Lisánías ina theitrearch in Abiléne, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus san cúigeadh bliadhain déag d’impireacht Thibériuis Caesar, nuair a bhí Point Pioláit ina uachtarán ar Iudaia, Ioruadh ina theatrarc ar an Ghailile, agus Pilip, a dhearbhráthair, ina theatrarc ar Iturea agus ar chríocha Thrathonítis, Lusanias ina theatrarc ar an Aibiléin, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an-cuigeadh bliadhan déug dimpireachid Thibérius Séasar, ar mbeith do Phonsius Phioláid na úachdarán a ttir Iúdáighe, agus Ioruáith na théatrarc sa Ngalilé, agus Philip a dhearbhrathair na théatrarc air Ituréa agus air chrích Thrachonítis, agus Lísánias na thetrarch air Abiléne, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Sa chúigmhadh bliain déag d’ímpireacht Thiberias Caesair, nuair a bhí Pontius Pílát i n’uachtarán ar Iúdaéa, agus Héród ’n-a thetrarc ar Ghaililí, agus a dhritháir Pilib ’n-a thetrarc ar Ituria agus ar chrích Traconítis, agus Lisanias ’n-a thetrarc ar Abilína, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Sa chúigiú bliain déag de réimeas Thibir Caesar, nuair a bhí Pointias Píoláit ina ghobharnóir ar Iúdáia, agus Héaród ina rí cúige ar an nGailíl, agus Pilib a dheartháir ina rí cúige ar cheantar Iotúráia agus Thrachóiníteas, agus Lusáinias ina rí cúige ar Aibiléiné, An Bíobla Naofa 1981 Sa chúigiú bliain déag de réimeas Thibir Céasar, nuair a bhí Pointias Pioláit ina ghobharnóir ar Iúdáia, agus Héaród ina rí cúige ar an nGailíl, agus Pilib a dheartháir ina rí cúige ar cheantar Iotúráia agus Treachóinítis, agus Lusáinias ina rí cúige ar Aibiléiné, |
Óir do rug Ioruath ar Eoin, agus do cheangail sé é, agus do chuir sé i bpríosún é mar gheall ar Héródias, bean Philib a dhearbhráthair.
Acht nuair tháinig lá beirthe Ioruaith, do‐rinne inghean Neródias damhsa, ’n‐a láthair, agus do thaithin sí le h‐Ioruath.
Innis dúinn, mar sin, créad é do mheas? An dleaghthach cáin do thabhairt do Chéasar, nó gan a tabhairt?
Óir do chuir Ioruath daoine uaidh agus do ghabh sé Eoin, agus do chuir sé fá cheangal i bpríosún é mar gheall ar Héródias, bean Philib, a dhearbhráthair; de bhrigh gur phós sé í.
Agus nuair tháinig lá oireamhnach ’n‐a raibh Ioruath ag déanamh fleidhe lae a bheirthe d’á uaislibh, agus do thaoiseachaibh airm, agus do mhaithibh na Galilé,
An lá céadna sin tháinig cuid de na Fairisíneachaibh, g‐á rádh leis, Imthigh agus fág an áit seo; óir atá Ioruath ar tí do mharbhtha.
Agus tharla ins na laethibh sin go ndeachaidh reacht amach ó Chéasar August go ndéanfaidhe cómhaireamh ar an domhan uile.
acht Ioruat, an tetrarcha, do bhí smachtuighthe aige i dtaobh Héródias, bean a dhearbhráthar, agus i dtaobh na ndroch‐neithe uile do‐rinne Ioruath,
Agus do‐chuala Ioruath an tetracha i dtaobh gach nidh do bhí d’á dhéanamh: agus do bhí mearbhall mór air, mar do bhí dream g‐á rádh gurbh é Eoin d’éirigh ó na marbhaibh;
Acht nuair bhí dhá bhliadhain imthighthe, tháinig Porcius Féstus i n‐ionad Fhéilics; agus le sásamh do thabhairt do na h‐Iúdachaibh, d’fhág Fhéilics Pól fá cheangal.
Agus d’éirigh an rí, agus an t‐árd‐riaghlóir, agus Bernicé, agus a raibh ’n‐a suidhe ’n‐a bhfochair:
óir is dearbh gur chruinnigh le chéile san gcathair seo, Ioruath agus Point Píoláid, maille leis na Geintibh agus le treabhaibh Israel, i n‐aghaidh do Sheirbhísigh naomhtha Íosa,