Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Gníomhartha 23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Annsin, d’fhéach Pól go grinn ar an árd‐chómhairle, agus adubhairt sé, A bhráithreacha, do chaitheas mo shaoghal i bhfiadhnaise Dé le deagh‐choinsias glan go dtí an lá so.

2 Agus d’órduigh an t‐árd‐shagart dóibh‐sean do bhí ’n‐a seasamh ’n‐a aice a bhualadh ar an mbéal.

3 Annsin adubhairt Pól, Buailfidh Dia thusa, a bhalla aolta: an bhfuil tusa id’ shuidhe chum breithe do thabhairt orm‐sa de réir na dlighe, agus an n‐órduigheann tú mo bhualadh i gcoinnibh na dlighe?

4 Agus adubhairt siad‐san do bhí ’n‐a seasamh ’n‐a aice, An ag maslú an árd‐shagairt atáir?

5 Agus adubhairt Pól, Ní raibh a fhios agam, a bhráithreacha, gurbh é an t‐árd‐shagart é: óir atá scríobhtha, Ní thiubhrair droch‐chainnt d’uachtarán mo phobail.

6 Acht nuair thug Pól fá deara gur Shaddúcínigh cuid aca, agus gurbh Fhairisínigh an chuid eile, do ghlaodh sé amach i lár na h‐árd‐chómhairle, Is Fairisíneach mise, mac Fairisínigh: is mar gheall ar shúil bheith agam le h‐aiséirghe na marbh atáim ar mo thriail.

7 Ar n‐a rádh sin dó, d’éirigh aighneas idir na Fairisínigh agus na Saddúicínigh: agus bhí deaghailt san gcómh‐chruinniú.

8 Óir adeir na Saddúicínigh nach bhfuil aiséirghe ann, ná aingeal, ná spiorad: acht admhuigheann na Fairisínigh iad uile bheith ann. Agus annsin d’éirigh callán mór:

9 agus do phreab cuid de scríobhaidhthibh na bhFairisíneach ’n‐a seasamh, agus do labhradar go colgach, g‐á rádh, Ní fhaighmíd‐ne olc ar bith san duine seo: agus má labhair spioraid féin, nó aingeal leis, cad mar gheall air?

10 Agus nuair do bhí ag éirghe ar an gcallán go mór, d’órduigh an t‐árd‐chaiptín do na saighdiúiribh dul síos, ar eagla go sracfaidís Pól as a chéile eadortha, agus a thógáil le neart uatha agus a thabhairt isteach san gcaisleán.

11 Agus an oidhche ’n‐a dhiaidh sin, do sheas an Tighearna le n‐a ais, agus adubhairt, Bíodh meisneach agat: óir fá mar atá fiadhnaise déanta agat im’ thaobh i nIarúsalem, caithfidh tú fiadhnaise do dhéanamh san Róimh, leis.

12 Agus le h‐éirghe lae, tháinig na h‐Iúdaigh i gceann a chéile, agus do dhearbhuigheadar fá bhrigh na mionn, g‐a rádh nach n‐íosfaidís ná nach n‐ólfaidís nó go mbéadh Pól marbh aca.

13 Agus do bhí tuilleadh agus dá fhichid duine aca do‐rinne an chóimhchealg sin.

14 Agus thángadar chum na n‐árd‐shagart agus chum na seanóir, agus adubhradar, Atáimíd fá cheangal mionna mhóir, gan rud ar bith do bhlaiseadh no go raibh Pól marbh againn.

15 Anois, d’á bhrigh sin, cuireadh sibh‐se agus an árd‐chómhairle scéala chum an árd‐chaiptín g‐á iarraidh air a thabhairt chugaibh, fá mar ba mhian libh eolas níos cruinne d’fhágháil ’n‐a thaobh: agus atáimíd‐ne ullamh le n‐a mharbhadh, sara dtiocfaidh sé i láthair.

16 Acht do‐chuala mac deirbhsheathar Phóil i dtaobh na ceilge, agus tháinig sé agus do chuaidh sé isteach san gcaisleán, agus d’innis sé do Pól é.

17 Agus do ghlaodh Pól duine de na ceanntúiribh chuige, agus adubhairt sé, Beir leat an buachaill seo chum an árd‐chaiptín: óir atá nidh aige le n’innsin dó.

18 Annsin thug sé leis é chum an árd‐chaiptín, agus adubhairt sé, Do ghlaodh an príosúnach Pól chuige mé, agus d’iarr sé orm an buachaill seo do thabhairt duit, mar go bhfuil nidh aige le rádh leat.

19 Agus rug an t‐árd‐chaiptín ar láimh air, agus d’imthigh sé leis i leathtaoibh, agus adubhairt, Créad é seo atá agat le n’innsin dom?

20 Agus adubhairt seisean, Atá ceaptha ag na h‐Iúdachaibh a iarraidh ort Pól do thabhairt amach chum na h‐árd‐chómhairle amárach, fá mar ba mhian leat fios scéil níos cruinne d’fhághail ’n‐a thaobh Acht ná h‐éist leo:

21 óir atá breis agus dá fhichid duine ag faire i gceilg air, agus iad fá cheangal móide gan biadh d’ithe ná braon d’ól nó go raibh sé marbh aca: agus atáid ullamh anois féin, ag feitheamh leis an ngeallamhain uait‐se.

22 Agus do chuir an t‐árd‐chaiptín an buachaill uaidh, g‐á rádh leis, Ná h‐innis do dhuine ar bith gur chuiris an méid sin ar eolas dom.

23 Agus do ghlaodh sé beirt cheanntúir chuige, agus adubhairt sé, Ullmhuighidh dhá chéad saighdiúir agus deichneabhar agus trí fichid marcach, agus dhá chéad fear sleagha, chum dul go Céasaria ar an treas uair de’n oidhche:

24 agus d’órduigh sé eachraidhe do bheith ullamh aca, go gcuirfidís Pól ortha agus a thabhairt slán do’n árd‐riaghlóir Féilics.

25 Agus do scríobh sé litir fá’n bhfuirm seo:

26 Claudius Lusias chum an árd‐riaghlóra ró‐uasail, Féilics, beatha agus sláinte.

27 Rug na h‐Iúdaigh ar an bhfear so, agus do bhíodar ar tí a chur chum báis, nuair thángas‐sa ortha i n‐éinfheacht leis na saighdiúiribh, agus nuair thuigeas gur Rómhánach é, do thógas slán uatha é.

28 Annsin, mar ba mhian liom a fhios bheith agam créad do bhí aca d’á chur ’n‐a leith, thugas síos chum a n‐árd‐chómhairle féin é:

29 annsin do thuigeas gur ceisteanna bhaineas le n‐a ndlighe féin do bhí san chúis, acht nach raibh rud ar bith do thuill bás ná braighdeanas d’á chur ’n‐a leith.

30 Agus nuair fuaras fios scéil go mbéadh luigheachán aca do’n duine, do chuireas chugat‐sa é ar an láthair, g‐á rádh le n‐a éilightheoiribh an chúis atá aca air do phléidhe rómhat‐sa.

31 Uime sin, do thóg na saighdiúirí Pól, fá mar h‐órduigheadh dhóibh, agus thugadar san oidhche é go h‐Antipatris.

32 Acht an lá ’n‐a dhiaidh sin do leigeadar do’n mharc‐shluagh dul leis, agus thángadar féin ar ais chum an chaisleáin.

33 Agus nuair tháinig siad go Céasaria agus thug siad an litir do’n árd‐riaghlóir, do chuir siad Pól ’n‐a láthair.

34 Agus nuair bhí an litir léighte aige, d’fhiafruigh sé cia an phroibhinnse arbh as é; agus nuair do thuig sé gurbh as Cilicia dhó,

35 Éistfead le n‐a bhfuil le rádh agat, adubhairt sé, chómh luath agus thiocfas siad‐san go bhfuil cúis aca ort: agus d’órduigh sé a chur fá choimhéad i bpálás Ioruaith.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí