Óir tá Mac an Duine chun teacht i nglóire a Athar mar aon le n-a aingealaibh; agus ansan tabharfaidh sé do gach duine do réir a ghníomhartha.
Matha 6:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Seachnaidh agus ná deinidh bhúr bhfíoraontacht-sa os cómhair daoine, i dtreó go bhfeicfí sibh, nó ní bheidh tuarasdal le fághail agaibh i láthair bhúr n-Athar atá ins na flathais. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Seachnaígí sibh féin agus ná bígí ag cleachtadh bhur gcráifeachta os comhair an tsaoil ionas go bhfeice na daoine sibh; mar ní bheidh aon luach saothair ó bhur nAthair atá ar neamh agaibh ansin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Tabhairigidh aire gan bhur bhfíréantacht a dhéanamh ós cómhair daoine d’fhonn go bhfeiceadh siad sibh: nó ní bhéidh luach saothair agaibh ó bhur n-Athair atá ar neamh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Seachnaidh agus ná déanaidh bhúr ndeagh‐ghníomhartha i bhfiadhnaise na ndaoine i dtreo go bhfeicfidís sibh, nó ní bhéidh aon luach saothair le fágháil agaibh ó bhúr nAthair atá ar neamh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tarbhraidh bhur naire nach deúntáoi bhur ndeirc á bhfiadhnuisi dáoine, do chum go bhfaicfidís sibh: nó ní bhfuighthí lúaidheachd ó bhur Nathair atá air neamh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Aire daoibh gan a bheith ag déanamh taibhsimh as bhur ndea-oibreacha os comhair daoine chun go dtabharfaidís faoi deara iad, óir má bhíonn, beidh sibh gan tuarastal i láthair bhur nAthar atá ar Neamh. An Bíobla Naofa 1981 Aire daoibh gan bheith ag déanamh taibhsimh as bhur ndea-oibreacha os comhair daoine chun go dtabharfaidís faoi deara iad, óir má bhíonn sibh, beidh sibh gan tuarastal i láthair bhur nAthar atá ar neamh. |
Óir tá Mac an Duine chun teacht i nglóire a Athar mar aon le n-a aingealaibh; agus ansan tabharfaidh sé do gach duine do réir a ghníomhartha.
Agus dubhairt sé leó: Féachaidh agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach.
Ach is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir do dhúnabhair rígheacht na bhflathas i n-aghaidh na ndaoine; mar, ní théigheann sibh isteach, ná ní leigeann sibh isteach na daoine atá ag dul isteach.
Deinid siad gach obair leó, ámhthach, ionus go bhfeicfeadh na daoine iad; leathnuighid siad a bhfulactéirí agus méaduighid siad fabhraí a mbrat.
Agus déarfaidh an Rí ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid a dheineabhair é do dhuine de’n chuid is suaraíghe de m’bráithribh anso, do dheineabhair dómh-sa é.
Lasadh bhur solus-sa ar an gcuma san os cómhair daoine, i dtreó go bhfeicfid siad bhúr ngníomhartha fóghanta agus go molfaid siad bhúr n-Athair atá ins na flathais.
Óir má thugann sibh grádh do’n mhuintir a thugann grádh dhaoibh cad é an tuarasdal a bheidh agaibh? Ná deinid na puibliocánaigh féin an méid sin?
Bídhidh-se, d’á bhrígh sin, fíor-mhaith, fé mar atá bhúr n-Athair ins na flathais fíor-mhaith.
Agus nuair a bheidh sibh ag déanamh trosgaidh ná bídhidh gruamdha ar nós na bhfeallairí; óir doirchighid siad a gceannacha, i dtreó go samhlóchadh na daoine iad a bheith ag déanamh trosgaidh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu.
Agus thug sé foláramh dóibh agus dubhairt: Féachaidh, agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus giost Héróid.
Tabhair aire, d’á bhrígh sin, gan an solus atá ionat a bheith ’n-a dhoircheacht agat.
Agus nuair a bhí sluaighte móra ’n-a thímpal, i dtreó go rabhadar ag satailt ar a chéile, do thusnuigh sé ar a rádh le n-a dheisgiobuil; Seachnaidh sibh féin ar ghiost na bhFairisíneach, an nídh is cealgaireacht.
Agus dubhairt sé leó-san: Féach, seachnaidh gach saint; óir ní sa bhflúirse atá ag aoinne, de sna neithe is leis, atá a bheatha.
Agus dubhairt sé leó: Is sibh-se a dheineann sibh féin fíoraonta i súilibh daoine, ach is eól do Dhia bhúr gcroidhthe; agus an rud atá árd i súilibh daoine, tá gráin ag Dia air.
Conus ab fhéidir go gcreidfeadh sibh-se agus gur ó n-a chéile a ghlacann sibh glóire, agus gan aon lorg agaibh ar an nglóire a thagann ó Dhia amháin?
Agus do chonnaic Peadar iad agus d’fhreagair sé an pobhul: A fheara Israéil, cad ab aíl libh ag déanamh iongna dhe seo, ná ag féachaint orainne chómh maith agus dá mba le n-ár neart féin nú le n-ár gcómhacht féin a chuirfimís an duine seo ag siubhal?