Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 6:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 D’á bhrígh sin, nuair a bheidh déirc agat ’á dhéanamh ná bíodh adharc d’á séideadh rómhat amach agat, mar a bhíonn ag na feallairíbh ins na sinagógaibh agus ar na sráidibh, i dtreó go dtabharfadh na daoine onóir dóibh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 “Mar sin de, nuair a bhionn tú ag déanamh déirce, ná séid an stoc romhat, mar a dhéanann lucht na bréagchráifeachta sna sionagóga agus sna sráideanna, ionas go bhfaighidh siad moladh ó dhaoine. Deirim libh go fíor, bíonn a luach saothair féin acu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Ar an adhbhar sin, nuair a ghní tú déirc, ná cuir adharc a séideadh rómhat, mar ghní na bréagchráibhthigh ins na sineagóga agus ar na sráideacha, chun go bhfaghadh siad onóir ó dhaoine. Amén adeirim libh, go bhfuil a luach saothair fáighte acu.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Ar an adhbhar sin, nuair bhíos tú ag tabhairt déirce, ná séid aon adharc rómhat, mar do‐ghní lucht an fhuar‐chrábhaidh ins na sionagógaibh agus ar na sráidibh, d’fhonn onóir d’fhágháil ó na daoinibh. Go fírinneach adeirim libh go bhfuil a luach saothair fághálta aca.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Ar a nadhbharsin a núair do ní tú déirc, mar do ní luchd an fhúarchrábhaigh ann sna sionagógaibh agus ann sna sraideannaibh, do chum go bhfuighidís glóir ó dhaóinibh. Go firinneach a deirimsi ribh, Go bhfuil a dtúarasdal aca.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 “Nuair a bhíonn tú ag déanamh déirce, mar sin, ná cuir an trumpa dá shéideadh romhat; sin mar a dhéanann na bréag-chráifigh é sna sionagóga agus ar na sráideanna chun go mbeadh cách dá moladh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 “Nuair a bhíonn tú ag déanamh déirce, mar sin, ná cuir an trumpa á shéideadh romhat; sin mar a dhéanann na bréagchráifigh é sna sionagóga agus ar na sráideanna chun go mbeadh cách á moladh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 6:2
56 Tagairtí Cros  

A chluanaidhthe, is maith a thargair Isáias i nbhúr dtaobh nuair adubhairt sé:


Agus ar maidin, Beidh stoirm ann, mar tá an spéir ag deargadh go dorcha.


Ach bhí fios a ndroch-aigne ag Íosa agus dubhairt sé: A chluan-uidhthe, cad chuige dhaoibh bheith a’m brath?


Deinid siad gach obair leó, ámhthach, ionus go bhfeicfeadh na daoine iad; leathnuighid siad a bhfulactéirí agus méaduighid siad fabhraí a mbrat.


Is maith leó ceann cláir ag suidhe chun bídh dóibh, agus na suidhcháin uachtaracha ins na sinagógaibh.


Agus deighilfidh sé é, agus ceapfaidh sé a chuid ameasg lucht fill: beidh sa n-áit sin gol agus díoscán fiacal.


Óir deirim libh go fírinneach, go dtí go dtéidh an spéir agus an talamh ar neamhnídh ná raghaidh aon ióta amháin ná aon phúnc amháin de’n dlígh ar neamhnídh, go dtagaidh a h-iomláine chun cinn.


Agus nuair a bheidh sibh ag déanamh trosgaidh ná bídhidh gruamdha ar nós na bhfeallairí; óir doirchighid siad a gceannacha, i dtreó go samhlóchadh na daoine iad a bheith ag déanamh trosgaidh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu.


Nuair a dhéanfair-se déirc, ámhthach, ná bíodh a fhios agat’ láimh chlé cad a dheineann do lámh dheas.


Agus nuair a dhéanfaidh sibh úrnuighthe, ná bídhidh mar na feallairí gur maith leó úrnuighthe dhéanamh ’n-a seasamh ins na sinagógaibh agus ag cúinníbh na sráideana, i dtreó go bhfeiceadh daoine iad. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu.


A chluanaire, bain an tsail as do shúil féin ar dtúis, agus ansan chífir conus an dúradán a bhaint a’ súil do bhráthar.


Agus suidhe ins na cathaoireachaibh uachtair ins na sinagógaibh, agus ins na h-ineadaibh tusaigh chun búird;


Ach d’fhreagair seisean iad agus dubhairt: Is maith an targaireacht a dhein Isáias oraibh-se, a lucht an fhill, mar a bhfuil sgríobhtha: Molaid na daoine seo mé le n-a mbéal, ach is fada uaim atá a gcroidhe;


Ach cheana, d’á bhfuil agaibh tugaidh déirc uaibh, agus féach, tá gach nídh glan daoibh.


Is mairg daoibh, a Fhairisíneacha, óir isiad na suidhcháin uachtaracha ins na sinagógaibh atá uaibh, agus daoine bheith ag beannú dhaoibh i n-áit an mhargaidh.


Díolaidh a bhfuil agaibh agus tugaidh déirc uaibh; deinidh daoibh féin sparáin ná críonfaidh, stór ins na flathais ná caillfidh oraibh; ná guidfidh bitheamhnach uaibh; ná millfidh leómhan oraibh.


A chealgairí, féadann sibh an spéir agus an talamh do bhreithniú: agus conus ná breithnigheann sibh an aimsir atá ann?


Agus d’fhreagair an Tighearna é agus dubhairt sé: A chealgairí, ná sgaoileann gach aoinne agaibh-se a bhó nó a asal ó’n mainséar, agus ná beireann sé chun uisge iad, lá na sabbóide?


Seachnaidh na Sgríbhneóirí. Is maith leó siubhal i róbaíbh fada, agus daoine bheith ag fáiltiú dhóibh ar an margadh, agus na suidhcháin uachtaracha dh’fhaghail ins na sinagógaibh, agus ua h-ineada uachtaracha ag ua féastaíbh.


Ach is mairg daoibh-se, a dhaoine saidhbhre, óir tá bhúr sólás agaibh.


Nó conus is féidir duit a rádh le t’bhráthair: A bhráthair, leig dom an dúradán a bhaint as do súil, agus ná feiceann tú an tsail ad’ shúil féin? A chluanaidhe, bain an tsail ar dtúis as do shúil féin, agus ansan chífir conus an dúradán a bhaint a’ súil do bhráthar.


Mar do cheap cuid acu, ó bhí an sparán ag Iúdás, gur bh’amhlaidh adubhairt Íosa leis: Ceannaigh na neithe theastóchaidh uainn i gcóir na féile; nó rud éigin a thabhairt do sna daoine bochta.


Ní ghabhaim glóire ó dhaoine.


Conus ab fhéidir go gcreidfeadh sibh-se agus gur ó n-a chéile a ghlacann sibh glóire, agus gan aon lorg agaibh ar an nglóire a thagann ó Dhia amháin?


An t-é a labhrann uaidh féin, a ghlóire féin a loirgeann sé; ach an t-é a loirgeann glóire an t-é a chuir uaidh é, tá sé sin fírinneach agus ní’l éagcóir ann.


Fear diadha n-a raibh eagla Dé air féin agus ar a theaghlach, do thugadh mórán déarca uaidh do sna daoine, agus a bhíodh ag guidhe Dé coitchianta.


A Chornélius, tá éistithe le d’ ghuidhe agus tá cuimhne ar do dhéirc i láthair Dé.


Agus dubhairt seisean, agus é ag féachainc air agus eagla mór air: Cad é sin, a Thighearna? Agus dubhairt sé leis: Taid t’úrnuighthe agus do dhéirc imighthe suas, i gcuímhne, i láthair Dé.


Agus do bheartuigh na deisgiobuil, gach aoinne do réir a ghustail, cabhair a chur ag triall ar na bráithre a bhí ’n-a gcómhnuighe i nIúdaéa.


Do thánag tar éis mórán blian chun déarca dhéanamh ar mo dhaoine féin agus chun ofrá-lach a dhéanamh agus chun móid a chómhlíonadh.


Agus bhí i n-Ioppé bandeisgiobul agus Taibíta ab ainim di, nú, ar mhíniú, Dorcas. Agus bhí a lán deagh-ghniómhartha agus a lán déarca aici sin ’á déanamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí