Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 6:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Ar an adhbhar sin, nuair bhíos tú ag tabhairt déirce, ná séid aon adharc rómhat, mar do‐ghní lucht an fhuar‐chrábhaidh ins na sionagógaibh agus ar na sráidibh, d’fhonn onóir d’fhágháil ó na daoinibh. Go fírinneach adeirim libh go bhfuil a luach saothair fághálta aca.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 “Mar sin de, nuair a bhionn tú ag déanamh déirce, ná séid an stoc romhat, mar a dhéanann lucht na bréagchráifeachta sna sionagóga agus sna sráideanna, ionas go bhfaighidh siad moladh ó dhaoine. Deirim libh go fíor, bíonn a luach saothair féin acu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Ar an adhbhar sin, nuair a ghní tú déirc, ná cuir adharc a séideadh rómhat, mar ghní na bréagchráibhthigh ins na sineagóga agus ar na sráideacha, chun go bhfaghadh siad onóir ó dhaoine. Amén adeirim libh, go bhfuil a luach saothair fáighte acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Ar a nadhbharsin a núair do ní tú déirc, mar do ní luchd an fhúarchrábhaigh ann sna sionagógaibh agus ann sna sraideannaibh, do chum go bhfuighidís glóir ó dhaóinibh. Go firinneach a deirimsi ribh, Go bhfuil a dtúarasdal aca.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 D’á bhrígh sin, nuair a bheidh déirc agat ’á dhéanamh ná bíodh adharc d’á séideadh rómhat amach agat, mar a bhíonn ag na feallairíbh ins na sinagógaibh agus ar na sráidibh, i dtreó go dtabharfadh na daoine onóir dóibh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 “Nuair a bhíonn tú ag déanamh déirce, mar sin, ná cuir an trumpa dá shéideadh romhat; sin mar a dhéanann na bréag-chráifigh é sna sionagóga agus ar na sráideanna chun go mbeadh cách dá moladh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 “Nuair a bhíonn tú ag déanamh déirce, mar sin, ná cuir an trumpa á shéideadh romhat; sin mar a dhéanann na bréagchráifigh é sna sionagóga agus ar na sráideanna chun go mbeadh cách á moladh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 6:2
56 Tagairtí Cros  

A chealgairí, is maith do‐rinne Ésáias fáidheadóireacht i n‐bhúr dtaobh, g‐á rádh,


Agus ar maidin, Béidh droch‐aimsear ann indiu, óir atá an spéir ag deargadh agus ag dorchú, Atá a fhios agaibh cionnas gné na spéire d’aithint; acht ní féidir libh cómharthaí na h‐aimsire d’aithint.


Acht d’aithin Íosa a mailís, agus adubhairt sé, Cad chuige dhaoibh bheith ag cur cathuighthe orm, a lucht an fhuar‐chrábhaidh?


Acht is chum go bhfeicfeadh na daoine iad ghníos siad gach éinnidh: óir leathnuighid a bhfulaictéirí,


agus méaduighid scothóga a mbrat, agus is maith leo na h‐áiteanna is fearr ins na fleadhannaibh, agus na suidheacháin tosaigh ins na sionagógaibh,


agus gearrfaidh sé as a chéile é, agus do‐bhéarfaidh sé a chuid dó i bhfochair luchta an fhuar‐chrábhaidh: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal.


Óir adeirim libh go fírinneach, Nó go dtéidh neamh agus talamh ar neamh‐nidh, ní rachaidh aon ghiota ná aon phonnc de’n dlighe ar neamh‐nidh nó go gcóimhlíontar gach éinnidh.


Agus nuair bhíos sibh i n‐bhúr dtroscadh, ná bidhidh gruamdha ar nós luchta an fhuar‐chrábhaidh: óir dorchuighid‐sean a gceann‐aighthe chum go bhfeicfidh na daoine go bhfuilid ’n‐a dtroscadh. Adeirim libh go fírinneach go bhfuil a luach‐saothair fághálta aca.


Acht nuair do‐bheir tusa déirc uait, ná bíodh a fhios ag do láimh chlé créad do‐ghní do lámh dheas:


Agus nuair bhíos sibh ag déanamh urnaighe, ná bidhidh mar lucht an fhuar‐chrábhaidh, gur maith leo urnaighe do dhéanamh agus iad ’n‐a seasamh ins na sionagógaibh agus ag cúinnibh na sráideann, chum go bhfeicfeadh na daoine iad. Go fírinneach adeirim libh, go bhfuil a luach saothair fághálta aca.


A bhréig‐fhíréin, bain an tsail as do shúil féin ar dtús; agus annsin chífir go soiléir cionnas an dubhradán do bhaint as súil do bhráthar.


agus na suidheacháin tosaigh d’fhágháil ins na sionagógaibh, agus ins na fleadhannaibh:


Agus adubhairt sé leo, Is maith do rinne Ésáias tarngaireacht i n‐bhúr dtaobh, mar atá scríobhtha, Onóruigheann an pobal so mé le n‐a mbéal, Acht is fada uaim atá a gcroidhe:


Acht, i dtaobh a bhfuil istigh, tabhraidh déirc uaibh; agus féach, sin é gach uile nidh glan daoibh.


Is mairg daoibh, a Fhairisíneacha! óir is breagh libh na suidheacháin uachtaracha ins na sionagógaibh, agus daoine ag beannú dhaoibh i n‐áiteannaibh an mhargaidh.


Díolaidh a bhfuil agaibh, agus tabhraidh déirc; déanaidh dhaoibh féin sparáin nach gcaithfear le h‐aois, stór ins na flaitheasaibh nach n‐ídeochar, san áit nach ndruideann gadaidhe i n‐aice leis, agus nach milleann an leamhan ann.


A chealgairí, is eol daoibh gné na talmhan agus na spéire do bhreathnú; acht cad chuige nach eol daoibh gné na h‐aimsire seo do bhreathnú?


Acht d’fhreagair an Tighearna é, agus adubhairt, A bhréigfhíréana, nach scaoileann gach duine agaibh a dhamh nó a asal ó’n mainnséar, lá na sabóide, agus nach gcinnireann sé chum uisce é?


Seachnaidh na scríobhaidhthe, gur mian leo siubhal i róbaibh fada, agus gur mór aca go n‐umhlóchthaidhe dhóibh ar áiteannaibh na margadh, agus na suidheacháin tosaigh d’fhágháil ins na sionagógaibh, agus na h‐ionada is fearr d’fhágháil ag fleadhannaibh;


Acht is mairg daoibh‐se atá saidhbhir! óir atá bhúr sólás agaibh cheana féin.


Nó cionnas is féidir leat a rádh led’ bhráthair, A bhráthair, leig dom an dubhradán atá id’ shúil do bhaint aisti, agus nach bhfeiceann tú an tsail atá id’ shúil féin? A fhíréin bréige, bain an tsail ar dtús as do shúil féin, agus annsin dochífir go soiléir cionnas an dubhradán do bhaint as súil do bhráthar.


Do cheap cuid aca, ó bhíodh an sparán ag Iúdás, go ndubhairt Íosa leis, Ceannuigh a bhfuil ag teastáil uainn i gcómhair na féile; nó, rud éigin do thabhairt do na bochtaibh.


Ní ghlacaim‐se onóir ó dhaoinibh. Ácht atá a fhios agam nach bhfuil aon ghrádh do Dhia ionnaibh.


Cionnas do b’fhéidir go gcreidfeadh sibh‐se, ghlacas onóir ó n‐a chéile, agus gan aon éileamh agaibh ar an nglóir thig ó’n aon Dia.


An té labhras uaidh féin, is í a ghlóir féin loirgeas sé; acht an té loirgeas glóir an té do chuir uaidh é, ata seisean fírinneach, agus ní fhuil mí‐chneastacht ann.


go raibh eagla Dé air féin agus ar a theaghlach go léir, fear do‐bheireadh a lán déirce do na daoinibh, agus do bhíodh de ghnáth ag guidhe Dé.


agus adubhairt sé, A Chornéliuis, do h‐éisteadh led’ ghuidhe, agus do cuimhnigheadh ar do chuid déirce i láthair Dé.


Agus adubhairt seisean, ag féachaint go géar air, agus eagla air, Créad é sin, a Thighearna? Agus adubhairt sé leis, Atá t’urnaighthe agus do chuid déirce imthighthe suas mar chuimhneachán i láthair Dé.


Agus do shocruigh na deisceabail cabhair, de réir gustail gach duine, do chur chum na mbráithreach do bhí ’n‐a gcómhnaidhe i nIúdaea:


Anois, tar éis bliadhan fada, tháinig mé le déirc do thabhairt dom’ chineadh féin agus le h‐íodhbairt do dhéanamh:


Agus do bhí i nIoppé deisceabal darbh ainm Tabitá, (ainm chialluigheas, Dorcás): bean do bhí ag sír‐chleachtadh deagh‐ghníomh agus carthannachta.


nó an té bhrostuigheas, tabhradh sé aire d’á bhrostúghadh; an té roinneas, déanadh sé go fial é; an té riaghluigheas, déanadh sé le dúthracht é; an té do‐ghní trócaire, déanadh sé le ríméad í.


Agus dá mbronnainn mo mhaoin shaoghalta chum na boicht do chothú, agus dá dtabharainn mo chorp d’á loscadh, gan grádh bheith agam, ní fhuil tairbhe dá laighead agam d’á bhárr.


acht amháin cuimhneamh ar na bochtaibh, an nidh céadna do bhí mar bhárr cúraim orm féin.


ná déanadh sé goid ’n‐a dhiaidh seo: acht ’n‐a ionad sin déanadh sé saothar, ag déanamh oibre fóghanta le n‐a lámhaibh, ar mhodh go mbéidh rud aige le tabhairt do’n té atá ’n‐a easbaidh.


ná ní rabhamar ag lorg urrama ó dhaoinibh, ná uaibh‐se, ná ó dhaoinibh eile, bíodh gurbh fhéidir linn bheith go h‐ughdarásach, mar abstail Chríost.


maitheas do chleachtadh, bheith saidhbhir i ndeagh‐ghníomharthaibh, bheith fial, fairsing;


Óir ba mhór an t‐adhbhar áthais agus sóláis dom do ghrádh‐sa a bhráthair, toisc gur tógadh croidheacha na naomh tríot.


Acht ná déanaidh dearmad ar dheagh‐ghníomharthaibh agus ar fhéile do chleachtadh: óir taithneann íodhbartha d’á leithéidibh sin le Dia.


Má labhrann aoinneach, labhradh sé mar bhéadh sé ag labhairt briathar Dé; má ghníonn aoinneach miniostrálacht, déanadh sé é do réir an chumais do‐bheir Dia: chum glóir ins an uile nidh do thabhairt do Dhia tré Íosa Críost, ag a bhfuil an ghlóir, agus an chumhacht go saoghal na saoghal. Amen.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí