Lúcás 16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XVI. Parabal an stíbhaird mhí-mhacánta, agus parabal an fhir shaidhbhir agus Lasaruis. 1 Ansan dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Bhí duine saidhbhir ann agus bhí stíbhard aige, agus do h-innseadh do, ’n-a thaobh, go raibh sé ag sgaipeadh a choda. 2 Agus do ghlaoidh sé chuige é, agus dubhairt sé leis, Cad é seo a chloisim ad’ thaobh-sa? Tabhair cúntas ad’ stíbhardaidheacht, mar ní fhéadfair bheith ad’ stíbhard feasda. 3 Ansan dubhairt an stíbhard i n’aigne féin. Cad a dhéanfad, ó tá mo mháighistir ag baint na stíbhardaidheachta dhíom? Ní’lim ábalta ar rómhar a dhéanamh; is nár liom déirc do lorg. 4 Tá fhios agam cad a dhéanfad, i dtreó, nuair a curfar as an stíbhardaidheacht mé, go nglacfaid siad ’n-a dtighthibh mé. 5 Agus do ghlaoidh sé chuige, ’n-a nduine a’s ’n-a nduine, an mhuintir go raibh fiacha agá mháighistir ortha, agus dubhairt sé leis an gcéad duine: An mór atá agam’ mháighistir ort? 6 Agus dubhairt seisean: Céad bairille oíle. Agus dubhairt sé leis: Tóg do bhille láithreach agus suidh ansan, agus sgríbh caogad bairille. 7 Ansan dubhairt sé le duine eile: Agus tusa, an mór atá ort? Agus dubhairt seisean: Céad ceathramhadh cruithneachtan. Dubhairt sé leis: Glac do bhille agus sgríbh cheithre fichid ceathramhadh. 8 Agus do mhol an máighistir an rógaire stíbhaird, mar gur dhein sé beart ghasta; óir tá clann an tsaoghail seo níos gasta ’ná clann an tsoluis do réir a gcinéil féin. 9 Agus deirim-se libh-se: Deinidh daoine muinteartha dhaoibh féin leis an saidhbhreas claon so, i dtreó, nuair a bheidh sibh claoidhte, go nglacfaidís sibh isteach ins na tighthibh síoruidhe. 10 An t-é a bhíonn dílis sa rud is lúgha, bíonn sé dílis i rud mór; agus an t-é a bhíonn mí-mhacánta i rud beag, bíonn sé mí-mhacánta, i rud mór, leis. 11 D’á bhrígh sin, murar dhílis sibh-se sa tsaidhbhreas bhréagach, cé chuirfidh ar bhúr láimh an saidhbhreas fírinneach? 12 Agus murar dílis sibh i gcuid duine eile, cé thabharfaidh daoibh bhúr gcuid féin? 13 Ní féidir d’aon tseirbhíseach rud a dhéanamh ar dhá mháighistir; óir beidh fuath aige do dhuine acu, agus grádh do’n duine eile; nó claoidhfidh sé le duine acu, agus cuirfidh sé neamhshuim sa duine eile. Ní féidir daoibh Dia d’fhriothalamh agus mammon. 14 Agus bhí na Fairisínigh ag éisteacht leis na neithe sin go léir, agus daoine sanntacha b’eadh iad, agus bhíodar ag déanamh magaidh faoi. 15 Agus dubhairt sé leó: Is sibh-se a dheineann sibh féin fíoraonta i súilibh daoine, ach is eól do Dhia bhúr gcroidhthe; agus an rud atá árd i súilibh daoine, tá gráin ag Dia air. 16 An dlígh agus na fáidhe go dtí Eóin; as san amach tá rígheacht Dé d’á chraobhsgaoileadh, agus gach aoinne ag cur ’n-a choinnibh go dian. 17 Ach is usa neamh agus talamh do dhul ar neamhnídh ’ná aon phúnc amháin de’n dlígh do dhul ar neamhnídh. 18 Gach aoinne a chuireann uaidh a bhean agus do phósann bean eile, deineann sé adhaltranas; agus an t-é a phósann an bhean a cuireadh ó n-a fear, deineann sé adhaltranas. 19 Bhí duine saidhbhir ann agus é i n-éadach chorcra agus i lín-éadach mhín agus é ag caitheamh bídh bhuacaigh gach lá. 20 Agus bhí lasmuigh d’á dhorus sínte, bochtán dár bh’ainim Lasarus, agus é lán d’othrasaibh; 21 Agus ba mhian leis an t-ocras a bhaint de féin leis an mbrúscar bídh a bhí ag tuitim de bhórd an fhir shaidhbhir, agus ní tabharfaí dhó é; agus thagadh na gadhair agus do lighdís a chréachta. 22 Agus thárla go bhfuair an duine bocht bás, agus gur rug na h-aingil suas é go h-ucht Ábrahaim. Agus fuair an fear saidhbhir bás, agus do cuireadh i n-ifreann é. 23 Agus nuair a bhí sé ag fulang na bpian d’fhéach sé suas agus chonaic sé, abhfad uaidh, Lasarus agus é i n-ucht Ábrahaim; 24 Agus do liúigh sé amach agus dubhairt sé: A athair Ábrahaim, glac truagh dhom agus cuir chúgham Lasarus go gcuiridh sé bara a mhéire i n-uisge agus go bhfuaraidh sé mo theanga, óir táim a’m losgadh sa lasair seo. 25 Agus dubhairt Ábraham leis: Cuimhnig, a mhic, conus mar a fuarais-se neithe fóghanta i gcaitheamh do bheatha agus go bhfuair Lasarus droch-neithe; ach anois tá sé seo i sólás agus tusa i bpéin. 26 Agus d’á éaghmuis sin a’s uile, tá doimhneas mór suidhte daingean idir sibh-se agus sinne, i dtreó an t-é gur mhian leis dul as so ag triall oraibh-se nách féidir dó é, ná teacht as sán ag triall orainne. 27 Agus dubhairt sé: Iarraim ort, d’á bhrígh sin, a athair, é chur go tigh m’athar: Mar tá cúigear drithár agam: 28 go dtabharfadh sé foláramh dóibh, i dtreó ná tiocfaidís anso ins na piantaibh seo. 29 Agus dubhairt Ábraham leis: Tá Maois acu, agus na fáidhe; éistidís leó san. 30 Agus dubhairt seisean: Ní h-eadh, a athair Ábrahaim, ach má théigheann duine de sna mairbh ag triall ortha déanfaid siad aithrighe. 31 Agus dubhairt sé leis: Mura n-éistid siad le Maois agus leis na fáidhe, ní chreidfidis duine de sna mairbh féin, dá dtéigheadh sé ag triall ortha. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society