Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 16:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Ansan dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Bhí duine saidhbhir ann agus bhí stíbhard aige, agus do h-innseadh do, ’n-a thaobh, go raibh sé ag sgaipeadh a choda.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Dúirt sé lena chois sin lena dheisceabail, “Bhí duine saibhir ann a raibh maor aige, agus tugadh an scéal chuige go raibh an fear sin ag cur a mhaoine amú.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus dubhairt sé fosta le n-a dheiscobail: bhí duine saidhbhir áirithe ann a raibh stiubhard aige, agus rinneadh casaoid leis air gur chuir sé a mhaoin amugha.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus adubhairt sé fós le n‐a dheisceablaibh, Do bhí duine saidhbhir ann, agus do bhí maor aige; agus do‐rinneadh gearán leis ’n‐a thaobh, go raibh sé ag cur a mhaoine amugha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus a dubhairt sé fós ré na dheisciobluibh, Do bhí duine saidhbhir áirighe ann, aga raibh sdíobhard; agus do rinneadh casasoid ris air, gur dhíomháil sé a mhaóin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Dúirt sé lena dheisceabail freisin: “Bhí fear saibhir ann a raibh maor aige, agus gearánadh é seo leis go raibh sé ag scaipeadh a mhaoine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Dúirt sé lena dheisceabail freisin: “Bhí fear saibhir ann a raibh maor aige, agus gearánadh é seo leis go raibh sé ag scaipeadh a mhaoine.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 16:1
19 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí an tráthnóna ann, dubhairt tighearna an fhiónghuirt le n-a stíbhard: Glaoidh ar an lucht oibre, agus tabhair a dtuarasdal dóibh, agus turnuigh leis an muintir is déanaighe a tháinig, go dtí an mhuintir is luatha a tháinig.


Agus dubhairt an Tighearna: Cé h-é, dar leat-sa, an stíobhard dílis ciallmhar á chuir an Tighearna os cionn a theaghlaigh chun a dtómhais cruithneachtan a thabhairt dóibh i dtráth?


Agus tar éis beagán laethanta do bhailigh an mac ab óige chuige a chuid go léir, agus d’imthigh sé go dúthaigh iasachta abhfad ó bhaile, agus do sgaip sé a chuid le baois agus le rabairne.


Ach an mac so dhuit, chómh luath agus tháinig sé, tar éis a choda do chaitheamh le striapachaibh, mharbhuighis an gamhain ramhar dó.


Bhí duine saidhbhir ann agus é i n-éadach chorcra agus i lín-éadach mhín agus é ag caitheamh bídh bhuacaigh gach lá.


Agus do ghlaoidh sé chuige é, agus dubhairt sé leis, Cad é seo a chloisim ad’ thaobh-sa? Tabhair cúntas ad’ stíbhardaidheacht, mar ní fhéadfair bheith ad’ stíbhard feasda.


Agus tháinig fear eile agus dubhairt sé, A rí, siné do phúnt agat. Bhí sé fillte i n-éadach agam.


Agus Ióanna, bean Chúsa, stíobhard Héróid, agus Súsanna, agus a lán eile ban, agus iad ag friothálamh air as a ngustal féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí