Lúcás 16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus adubhairt sé fós le n‐a dheisceablaibh, Do bhí duine saidhbhir ann, agus do bhí maor aige; agus do‐rinneadh gearán leis ’n‐a thaobh, go raibh sé ag cur a mhaoine amugha. 2 Agus do ghlaodh sé chuige é, agus adubhairt sé leis, Créad é seo do‐chluinim id’ thaobh‐sa? tabhair cunntas do mhaoirseachta; óir ní fhéadfair bheith id’ mhaor agam feasta. 3 Agus adubhairt an maor ’n‐a aigne féin, Créad do‐ghéanad, agus mo mháighistir ag baint na maoirseachta dhíom? Ní fhuil neart agam chum rómhar do dhéanamh; is nár liom bheith ag iarraidh déirce. 4 Atá a fhios agam créad do‐ghéanad, ar mhodh, nuair cuirfear mé as an maoirseacht, go nglacfaid mé ’n‐a dtighthibh. 5 Agus ag glaodhach gach duine chuige go raibh fiacha ag a thighearna ortha, adubhairt sé leis an gcéad duine, Cá mhéid atá ag mo thighearna ort? 6 Agus adubhairt seisean, Céad feircín ola. Agus adubhairt sé leis, Faigh do bhille, agus suidh síos go luath, agus scríobh caogad feircín. 7 Adubhairt sé annsin le duine eile, Agus cá mhéid atá ort‐sa? Agus adubhairt seisean, Céad ceathramhadh cruithneachtan. Adubhairt sé leis, Glac do bhille, agus scríobh ceithre fichid ceathramhadh. 8 Agus do mhol an tighearna an feallaire maoir toisc go ndearna sé é go cliste: óir is glice clann an tsaoghail seo de réir a gcinéil féin ná clann an tsolais. 9 Agus adeirim libh, Déanaidh cáirde dhaoibh féin le saidhbhreas na mí‐chneastachta; i dtreo, nuair bhéas easbaidh oraibh, go nglacfaidís isteach ins na puiblibh síorraidhe sibh. 10 An té bhíos dílis san rud beag, bíonn sé dílis i rud mór: agus an té bhíos mí‐dhílis sa rud beag, bíonn sé mí‐dhílis i mórán, chómh maith. 11 D’á bhrigh sin, muna rabhabhar dílis i saidhbhreas na ceilge, cia chuirfeas fá n‐bhúr gcúram an saidhbhreas fírinneach? 12 Agus muna rabhabhar dílis i gcuid duine eile, cia bhéarfas daoibh an nidh is libh féin? 13 Ní fhéadann aon tsearbhónta seirbhís do dhéanamh do dhá mháighistir: óir béidh fuath aige do dhuine aca, agus grádh do’n duine eile; nó claoidhfidh sé le duine aca, agus béidh droch‐mheas aige ar an duine eile. Ní féidir dhaoibh fóghnamh do Dhia agus do Mhamón. 14 Agus do bhí na Fairisínigh, dream do bhí tugtha do’n tsainnt, do bhí siad ag éisteacht leis na neithibh sin uile; agus do‐rinneadar magadh faoi. 15 Agus adubhairt sé leo, Is sibh‐se an dream mhaoidheas as bhúr bhfíréantacht féin i bhfiadhnaise na ndaoine; acht is eol do Dhia bhúr gcroidheacha istigh: óir an nidh atá fá árd‐mheas i measc daoine, is gráin le Dia é. 16 Do bhí an reacht agus na fáidhe ann go dtí aimsear Eoin: ó’n tráth sin atá soiscéal ríoghachta Dé d’á chraobhscaoileadh, agus atá gach aoinneach ag teannadh isteach innti. 17 Acht is fusa do rachadh neamh agus talamh ar ceal, ná go dtuitfeadh ponnc dá laighead de’n reacht. 18 Gach aoinneach chuireas uaidh a bhean, agus phósas bean eile, do‐ghní sé adhaltrannas: agus an té phósas an bhean do cuireadh ó n‐a fear, do‐ghní seisean adhaltrannas. 19 Agus do bhí fear saidhbhir ann, ar a mbíodh éadach corcra agus línéadach mín, agus é ag déanamh fleidhe le sáimhe gach lá: 20 agus do bhí bochtán darbh ainm Lasár sínte ’n‐a luighe le h‐ais a dhorais, é lán de chneadhachaibh, 21 agus é ag tnúth le ’n‐a sháith d’fhágháil de’n bhroscar do thuiteadh ó bhórd an duine shaidhbhir; agus do bhíodh na madraí féin ag teacht agus ag ligheadh a chneadh. 22 Agus tharla go bhfuair an bochtán bás, agus go rug na h‐aingle leo é go h‐ucht Abrachaim: agus fuair an duine saidhbhir bás, leis, agus do h‐adhlacadh é. 23 Agus i Hades dó, agus é beo‐phianta, d’árduigh sé a shúile, agus do chonnaic sé Abracham i bhfad i gcéin, agus Lasár ’n‐a ucht. 24 Agus do liúigh sé agus adubhairt. A athair Abracham, déan trócaire orm, agus cuir uait Lasár, go gcuiridh sé bárr a mhéire i n‐uisce, chum mo theanga d’fhuaradh: óir atáim fá chrádh sa lasair seo. 25 Acht adubhairt Abracham, A mhic, cuimhnigh go bhfuarais‐se deagh‐neithe le linn do shaoghail, fá mar fuair Lasár droch‐neithe: acht anois atá seisean i sólás, agus atá tusa i bpéin. 26 Agus thairis sin agus uile, atá duibheagán mór suidhte eadrainn: i dtreo nach bhféadann siad‐san gur mian leo é dul chugaibh‐se anonn, ná teacht as sin anall chugainne. 27 Agus adubhairt sé, Athchuinghim ort, d’á bhrigh sin, a athair, é do chur go tigh m’athar, óir atá cúigear dearbhráthar agam; 28 go dtiubhradh sé foláireamh dhóibh, ar eagla go dtiocfaidís san áit seo na péine. 29 Acht adubhairt Abracham, Atá Maois agus na fáidhe aca; éistidís leo‐san. 30 Agus adubhairt seisean, Ní dhéanfaid, a athair Abracham: acht má théidheann duine ó na marbhaibh chuca, do‐ghéanaidh siad aithrighe. 31 Agus adubhairt sé leis, Muna n‐éistid le Maois agus leis na fáidhibh, ní mó ’ná sin do chreidfidís, dá n‐éirigheadh duine ó na marbhaibh. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society