Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 16:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Acht adubhairt Abracham, A mhic, cuimhnigh go bhfuarais‐se deagh‐neithe le linn do shaoghail, fá mar fuair Lasár droch‐neithe: acht anois atá seisean i sólás, agus atá tusa i bpéin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 Ach is é a dúirt Abracham, ‘Cuimhnigh, a mhic, go raibh tusa nuair ba bheo duit ag fáil do mhaitheasaí, agus go raibh íde gach oilc mar an gcéanna ar Lasarus; ach anois bíonn sólás aigesean agus bíonn tusa i bpianpháis.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 Agus dubhairt Abraham leis: A mhic, cuimhnigh go bhfuair tusa neithe maithe i do shaoghal, agus Lasair, mar an gcéadna, droch-neithe; agus anois tá sólás dá fhagháil aige-sean, agus tá tusa do chéasadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Achd a dubhairt Abraham, A mhic, cuimhnigh gur ghlac tusa neithe maithe le linn do bheith béo, agus Lásarus mar an gceadna droch neithe: achd atá sólas aigesion a nois dá fhágháil, agus atá tusa dod phíanadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus dubhairt Ábraham leis: Cuimhnig, a mhic, conus mar a fuarais-se neithe fóghanta i gcaitheamh do bheatha agus go bhfuair Lasarus droch-neithe; ach anois tá sé seo i sólás agus tusa i bpéin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

25 Ach dúirt Abrahám: ‘Cuimhnigh, a mhic, go bhfuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna go bhfuair Lazaras na drochnithe. Ach anois tá seisean dá shólású abhus, agus tusa do do chrá.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

25 Ach dúirt Abrahám: ‘Cuimhnigh, a mhic, go bhfuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna go bhfuair Lazaras na drochnithe. Ach anois tá seisean á shólású abhus, agus tusa do do chrá.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 16:25
25 Tagairtí Cros  

A thighearna, is cuimhin linn go ndubhairt an fealltóir úd, agus é beo, I gceann trí lá éireochad arís.


Agus má bhíonn do chos ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, gearr díot í: is fearr duit dul isteach sa mbeathaidh, agus tú id’ bhacach, ’ná an dá chois do bheit agat agus go gcaithfidhe thú i n‐ifreann.


agus do bhí bochtán darbh ainm Lasár sínte ’n‐a luighe le h‐ais a dhorais, é lán de chneadhachaibh,


Agus i Hades dó, agus é beo‐phianta, d’árduigh sé a shúile, agus do chonnaic sé Abracham i bhfad i gcéin, agus Lasár ’n‐a ucht.


Agus thairis sin agus uile, atá duibheagán mór suidhte eadrainn: i dtreo nach bhféadann siad‐san gur mian leo é dul chugaibh‐se anonn, ná teacht as sin anall chugainne.


Acht is mairg daoibh‐se atá saidhbhir! óir atá bhúr sólás agaibh cheana féin.


Adubhairt mé an méid sin libh, chum go mbéadh síothcháin agaibh ionnam‐sa. Ata anró oraibh sa tsaoghal so: acht bíodh meisneach agaibh; atá buaidhte agam‐sa ar an saoghal.


ag neartú anamann na ndeisceabal, g‐á spreagadh chum bheith seasamhach san gcreideamh, mar gur tré mórán d’fhulang caithfear ríoghacht Dé do bhaint amach.


mar náimhdeas i n‐aghaidh Dé is eadh an meon colnaidhe; óir ní umhluigheann sé do dhlighe Dé, agus cheana, ní fhéadann sé umhlú:


gur ab é a ndamnú a ndeireadh, gur ab é a mbolg a ndia, agus gur ab é a h‐adhbhar maoidhmheachais a náire, dream chuireas a ndúil i neithibh saoghalta.


chum nach gcorróchaidhe aon duine leis na cathuighthibh úd: óir atá a fhios agaibh gur chuige sin do h‐órduigheadh sinn.


g‐á thabhairt de rogha anró d’fhulang i n‐éinfheacht le pobal Dé, ’ná pléisiúr do bhaint as an bpeacadh ar feadh tamaill;


Ná tabhraidh grádh do’n tsaoghal ná do na neithibh atá san tsaoghal. Má bheireann aoinneach grádh do’n tsaoghal, ní fhuil grádh an Athar ann.


Agus adubhras‐sa leis, A Thighearna, atá a fhios agat‐sa. Agus adubhairt seisean liom, Is iad na daoine tháinig as an anró mór iad so, agus do nigheadar a róbaí agus do rinneadar geal iad i bhfuil an Uain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí