Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 16:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus do liúigh sé agus adubhairt. A athair Abracham, déan trócaire orm, agus cuir uait Lasár, go gcuiridh sé bárr a mhéire i n‐uisce, chum mo theanga d’fhuaradh: óir atáim fá chrádh sa lasair seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 Agus ghlaoigh sé in ard a chinn, ‘A athair Abracham, bíodh trócaire agat orm, agus cuir Lasarus uait go bhfliucha sé barr a mhéire in uisce agus go bhfuaraí sé mo theanga; mar táim i bpianpháis sa bhladhaire tine seo.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 Agus scairt sé amach, agus dubhairt: A Abrahaim, a athair, déan trócaire orm agus cuir Lasair go dtomaidh sé bárr a mhéire i n-uisce, chun mo theanga d’fhuaradh, óir tá mé mo chéasadh san bhladhair seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus ar néimhghe dhósan an tansin a dubhairt sé, A athair Abraham, déana trócaire oram, agus cuir Lásarus do thumadh barr amheóir a nuisge, agus dfúaradh mo theangtha: óir ataim dom roiphíanadh an sa lasairsi.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Agus do liúigh sé amach agus dubhairt sé: A athair Ábrahaim, glac truagh dhom agus cuir chúgham Lasarus go gcuiridh sé bara a mhéire i n-uisge agus go bhfuaraidh sé mo theanga, óir táim a’m losgadh sa lasair seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 Agus ghlaoigh sé amach: ‘A athair Abrahám,’ ar sé, ‘bíodh trua agat dom, agus cuir Lazaras go dtomfaidh sé barr a mhéire in uisce agus go bhfuaróidh mo theanga, óir táim do mo chrá sa lasair seo.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

24 Agus ghlaoigh sé amach: ‘A athair Abrahám,’ ar sé, ‘bíodh trua agat dom, agus cuir Lazaras go dtomfadh sé barr a mhéire in uisce agus go bhfuaródh mo theanga, óir táim do mo chrá sa lasair seo.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 16:24
29 Tagairtí Cros  

Annsin adéarfaidh sé leo‐san bhéas ar a láimh chlé, Imthighidh uaim, a dhaoine malluighthe, isteach sa teinidh shíorraidhe do h‐ullmhuigheadh do’n diabhal agus d’á ainglibh:


agus ná h‐abraidh ’n‐bhúr n‐aigne: Atá Abracham ’n‐a athair againn: óir adeirim libh gur féidir le Dia clann do thógáil d’Abracham de na clochaibh seo.


Cibé duine atá i bhfeirg le n‐a bhráthair, béidh seisean cionntach do’n bhreitheamhnas; agus cibé duine adéarfas, Racá, le n‐a bhráthair, béidh sé cionntach do’n Árd‐chómhairle, agus cibé duine adéarfas, A phleidhce, béidh teine Gehenna tuillte aige.


Agus adubhairt seisean, Ní dhéanfaid, a athair Abracham: acht má théidheann duine ó na marbhaibh chuca, do‐ghéanaidh siad aithrighe.


Agus adubhairt Íosa leis, Atá slánú tagtha chum an tighe seo indiu, óir is mac le Abracham é seo, leis.


Tabhraidh uaibh, d’á bhrigh sin, torthaí oireas do bhúr n‐aithrighe, agus ná tosnuighidh ar a rádh libh féin, Atá Abracham ’n‐a athair againn: óir adeirim libh, gur féidir le Dia sliocht d’Abracham do thógáil ó na clochaibh sin.


D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé léi, Dá mb’ eol duit tabhartas Dé, agus cia h‐é atá g‐á rádh leat, Tabhair dhom le n’ól; is tusa d’iarrfá airsean, agus do‐bhéarfadh sé uisce beo dhuit.


acht an t‐uisce do‐bhéarfad‐sa dhó, béidh sé ’n‐a thobar uisce ann ag brúchtghail chum na beathadh síorraidhe.


Agus an lá deireannach de’n fhéile, an lá mór, do sheas Íosa agus do ghlaodh sé ós árd, Má tá tart ar aon duine, tagadh sé chugam‐sa, agus óladh sé.


agus ’n‐a athair do lucht an timcheall‐ghearrtha, toisc nach é amháin gur timcheall‐ghearradh iad, acht go leanann siad lorg an chreidimh do bhi ag ár n‐athair Abracham an tráth ’n‐a raibh sé gan timcheall‐ghearradh.


i lasrachaibh teineadh, ag agairt díoghaltais ar an dream nár chuir eolas ar Dhia, agus ar na daoinibh nach n‐umhluigheann do shoiscéal ár dTighearna Íosa:


Óir breitheamhnas gan trócaire is eadh gheobhas an té nach ndearna trócaire: buadhann an trócaire ar an mbreitheamhnas.


Agus is teine an teanga: domhan na h‐éagcóra atá suidhte i measc ár mball is eadh an teanga, ag salú an chuirp ar fad, agus ag cur cúrsa ár saoghail tré theinidh, agus í d’á lasadh féin ó ifreann.


Agus do gabhadh an t‐ainmhidhe, agus i n‐éinfheacht leis, an fáidh bréige do rinne na míorbhailtí ’n‐a fhiadhnaise, le n‐ár mheall sé an dream do ghlac marc an ainmhidhe chuca, agus an dream thug adhradh d’á íomháigh. Do teilgeadh iad araon beo amach i loch teineadh atá ar dearg‐lasadh le ruibh.


Agus cibé duine nach bhfríth scríobhtha i leabhar na beathadh, do teilgeadh é amach i loch na teineadh.


Agus do thaisbeáin sé dhom abha uisce na beathadh, chómh deallramhach le criostal, ag teacht amach ó righ‐chathaoir Dé agus an Uain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí