Lúcás 16:24 - An Bíobla Naofa 198124 Agus ghlaoigh sé amach: ‘A athair Abrahám,’ ar sé, ‘bíodh trua agat dom, agus cuir Lazaras go dtomfadh sé barr a mhéire in uisce agus go bhfuaródh mo theanga, óir táim do mo chrá sa lasair seo.’ Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)24 Agus ghlaoigh sé in ard a chinn, ‘A athair Abracham, bíodh trócaire agat orm, agus cuir Lasarus uait go bhfliucha sé barr a mhéire in uisce agus go bhfuaraí sé mo theanga; mar táim i bpianpháis sa bhladhaire tine seo.’ Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara24 Agus scairt sé amach, agus dubhairt: A Abrahaim, a athair, déan trócaire orm agus cuir Lasair go dtomaidh sé bárr a mhéire i n-uisce, chun mo theanga d’fhuaradh, óir tá mé mo chéasadh san bhladhair seo. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)24 Agus do liúigh sé agus adubhairt. A athair Abracham, déan trócaire orm, agus cuir uait Lasár, go gcuiridh sé bárr a mhéire i n‐uisce, chum mo theanga d’fhuaradh: óir atáim fá chrádh sa lasair seo. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)24 Agus ar néimhghe dhósan an tansin a dubhairt sé, A athair Abraham, déana trócaire oram, agus cuir Lásarus do thumadh barr amheóir a nuisge, agus dfúaradh mo theangtha: óir ataim dom roiphíanadh an sa lasairsi. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)24 Agus do liúigh sé amach agus dubhairt sé: A athair Ábrahaim, glac truagh dhom agus cuir chúgham Lasarus go gcuiridh sé bara a mhéire i n-uisge agus go bhfuaraidh sé mo theanga, óir táim a’m losgadh sa lasair seo. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201224 Agus ghlaoigh sé amach: ‘A athair Abrahám,’ ar sé, ‘bíodh trua agat dom, agus cuir Lazaras go dtomfaidh sé barr a mhéire in uisce agus go bhfuaróidh mo theanga, óir táim do mo chrá sa lasair seo.’ Féach an chaibidil |