Lúcás 16:25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)25 Agus dubhairt Ábraham leis: Cuimhnig, a mhic, conus mar a fuarais-se neithe fóghanta i gcaitheamh do bheatha agus go bhfuair Lasarus droch-neithe; ach anois tá sé seo i sólás agus tusa i bpéin. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)25 Ach is é a dúirt Abracham, ‘Cuimhnigh, a mhic, go raibh tusa nuair ba bheo duit ag fáil do mhaitheasaí, agus go raibh íde gach oilc mar an gcéanna ar Lasarus; ach anois bíonn sólás aigesean agus bíonn tusa i bpianpháis. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara25 Agus dubhairt Abraham leis: A mhic, cuimhnigh go bhfuair tusa neithe maithe i do shaoghal, agus Lasair, mar an gcéadna, droch-neithe; agus anois tá sólás dá fhagháil aige-sean, agus tá tusa do chéasadh. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)25 Acht adubhairt Abracham, A mhic, cuimhnigh go bhfuarais‐se deagh‐neithe le linn do shaoghail, fá mar fuair Lasár droch‐neithe: acht anois atá seisean i sólás, agus atá tusa i bpéin. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)25 Achd a dubhairt Abraham, A mhic, cuimhnigh gur ghlac tusa neithe maithe le linn do bheith béo, agus Lásarus mar an gceadna droch neithe: achd atá sólas aigesion a nois dá fhágháil, agus atá tusa dod phíanadh. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201225 Ach dúirt Abrahám: ‘Cuimhnigh, a mhic, go bhfuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna go bhfuair Lazaras na drochnithe. Ach anois tá seisean dá shólású abhus, agus tusa do do chrá. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198125 Ach dúirt Abrahám: ‘Cuimhnigh, a mhic, go bhfuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna go bhfuair Lazaras na drochnithe. Ach anois tá seisean á shólású abhus, agus tusa do do chrá. Féach an chaibidil |