Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 16:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus adubhairt seisean, Céad feircín ola. Agus adubhairt sé leis, Faigh do bhille, agus suidh síos go luath, agus scríobh caogad feircín.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 ‘Céad bairille ola,’ ar seisean. Agus dúirt sé leis, ‘Beir ar dʼadmháil, agus suigh síos go gasta agus scríobh leathchéad.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Agus dubhairt seisean: Céad bairille ola. Agus dubhairt sé leis: Glac do bhille, agus suidh síos go tapaidh, agus scríobh leithchéad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus a seision, Céd miosúr ola. Agus a dubhairt seision ris, Gabh chugad do sgríbhina, agus suidh go lúath, agus sgríobh a deich agus dá fhithchead.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus dubhairt seisean: Céad bairille oíle. Agus dubhairt sé leis: Tóg do bhille láithreach agus suidh ansan, agus sgríbh caogad bairille.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Dúirt seisean: ‘Tá céad bairille ola.’ Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille, suigh síos, agus scríobh go tapa caoga.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Dúirt seisean: ‘Tá céad bairille ola.’ Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille, suigh síos, agus scríobh go tapa caoga.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 16:6
7 Tagairtí Cros  

Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, adubhairt tighearna an fhíonghuirt le n‐a mhaor, Glaodh ar an lucht oibre, agus íoc leo a dtuarastal, ag tosnú leis an dream deireannach go dtí an chéad dream tháinig.


Agus muna rabhabhar dílis i gcuid duine eile, cia bhéarfas daoibh an nidh is libh féin?


Agus ag glaodhach gach duine chuige go raibh fiacha ag a thighearna ortha, adubhairt sé leis an gcéad duine, Cá mhéid atá ag mo thighearna ort?


Adubhairt sé annsin le duine eile, Agus cá mhéid atá ort‐sa? Agus adubhairt seisean, Céad ceathramhadh cruithneachtan. Adubhairt sé leis, Glac do bhille, agus scríobh ceithre fichid ceathramhadh.


Agus adeirim libh, Déanaidh cáirde dhaoibh féin le saidhbhreas na mí‐chneastachta; i dtreo, nuair bhéas easbaidh oraibh, go nglacfaidís isteach ins na puiblibh síorraidhe sibh.


Agus do bhí sé soithigh cloiche, do cuireadh ann de réir reachta glantóireachta na nIúdach, agus lán a dó nó a trí d’fheircínibh ins gach soitheach díobh.


gan bheith ag ais‐fhreagairt; gan bheith ag mionghadaidheacht, acht an uile dhílse do thaisbeáint; chum onóir ins gach éinnidh do thabhairt do bhriathar Dhé, ár Slánuightheoir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí