Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 16:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Adubhairt sé annsin le duine eile, Agus cá mhéid atá ort‐sa? Agus adubhairt seisean, Céad ceathramhadh cruithneachtan. Adubhairt sé leis, Glac do bhille, agus scríobh ceithre fichid ceathramhadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Dúirt sé ansin leis an dara fear, ‘Cé mhéid atá aige ortsa?’ Agus dúirt sé, ‘Céad ceathrú cruithneachta.’ Dúirt sé leis-sean, ‘Beir ar dʼadmháil agus scríobh ochtó.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Annsin dubhairt sé le duine eile: Agus cá mhéad atá ort-sa? Agus dubhairt seisean: Céad céathramha cruithneachta. Dubhairt sé leis: Glac do bhille agus scríobh ceithre fichid.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus a dubhairt sé na dhiáigh sin ré duine eile, Créd dhlightear dhiotsa? Agus a dubhairt seision, Céad míosúr cruithneachda. Agus a dubhairt seision ris, Gabh chugad do sgríbhinn, agus sgriobh ceithre fithchid.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Ansan dubhairt sé le duine eile: Agus tusa, an mór atá ort? Agus dubhairt seisean: Céad ceathramhadh cruithneachtan. Dubhairt sé leis: Glac do bhille agus sgríbh cheithre fichid ceathramhadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Ansin dúirt sé le duine eile: ‘Cé mhéad atá amuigh ort-sa?’ Dúirt seisean: ‘Tá céad ceathrú arbhair.’ Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille agus scríobh ochtó.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Ansin dúirt sé le duine eile: ‘Cé mhéad atá amuigh ortsa?’ Dúirt seisean: ‘Tá céad ceathrú arbhair.’ Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille agus scríobh ochtó.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 16:7
7 Tagairtí Cros  

Acht do chuaidh an seirbhíseach sin amach, agus fuair sé duine d’á chóimh‐sheirbhíseachaibh go raibh céad pingin aige air; agus ag breith ar scórnach air, adubhairt sé, Íoc liom a bhfuil agam ort.


Agus adubhairt seisean, Céad feircín ola. Agus adubhairt sé leis, Faigh do bhille, agus suidh síos go luath, agus scríobh caogad feircín.


Agus do mhol an tighearna an feallaire maoir toisc go ndearna sé é go cliste: óir is glice clann an tsaoghail seo de réir a gcinéil féin ná clann an tsolais.


agus do bhí sí ’n‐a baintreabhaigh le ceithre bliadhna agus ceithre fichid; níor imthigh sí ó’n teampall, acht í ag adhradh d’oidhche agus de ló le troscadh agus le h‐urnaighthibh.


Agus do chuir sé an treas duine: agus do leonadar eisean, leis, agus do chaitheadar amach é.


Agus do thosnuigh sé ar an tsamhlaoid seo do labhairt leis na daoinibh: Do chuir duine fíonghort, agus thug sé ar cíos do scológaibh é, agus d’imthigh sé go tír eile go ceann i bhfad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí