Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 16:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Ansin dúirt sé le duine eile: ‘Cé mhéad atá amuigh ortsa?’ Dúirt seisean: ‘Tá céad ceathrú arbhair.’ Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille agus scríobh ochtó.’

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Dúirt sé ansin leis an dara fear, ‘Cé mhéid atá aige ortsa?’ Agus dúirt sé, ‘Céad ceathrú cruithneachta.’ Dúirt sé leis-sean, ‘Beir ar dʼadmháil agus scríobh ochtó.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Annsin dubhairt sé le duine eile: Agus cá mhéad atá ort-sa? Agus dubhairt seisean: Céad céathramha cruithneachta. Dubhairt sé leis: Glac do bhille agus scríobh ceithre fichid.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Adubhairt sé annsin le duine eile, Agus cá mhéid atá ort‐sa? Agus adubhairt seisean, Céad ceathramhadh cruithneachtan. Adubhairt sé leis, Glac do bhille, agus scríobh ceithre fichid ceathramhadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus a dubhairt sé na dhiáigh sin ré duine eile, Créd dhlightear dhiotsa? Agus a dubhairt seision, Céad míosúr cruithneachda. Agus a dubhairt seision ris, Gabh chugad do sgríbhinn, agus sgriobh ceithre fithchid.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Ansan dubhairt sé le duine eile: Agus tusa, an mór atá ort? Agus dubhairt seisean: Céad ceathramhadh cruithneachtan. Dubhairt sé leis: Glac do bhille agus sgríbh cheithre fichid ceathramhadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Ansin dúirt sé le duine eile: ‘Cé mhéad atá amuigh ort-sa?’ Dúirt seisean: ‘Tá céad ceathrú arbhair.’ Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille agus scríobh ochtó.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 16:7
7 Tagairtí Cros  

Ag dul amach don seirbhíseach sin, casadh air duine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige féin air, agus rug sé greim scóige air ag rá: ‘Íoc a bhfuil amuigh ort!’


Dúirt seisean: ‘Tá céad bairille ola.’ Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille, suigh síos, agus scríobh go tapa caoga.’


Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é; óir bíonn clann an tsaoil seo níos géarchúisí lena leithéidí féin ná clann an tsolais.


Fágadh ina baintreach í, agus bhí ceithre bliana ochtód an uair seo aici; agus ní fhágadh sí an Teampall, ag seirbhís do Dhia de lá agus d'oíche le troscadh agus le hurnaithe.


Chuir sé uaidh fós an tríú duine: ach é seo arís, rinne siad é ghoin agus é thiomáint amach.


Thosaigh sé ansin ag rá an pharabail seo leis an bpobal: “Phlandaigh duine fíonghort, agus chuir ar cíos chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigrích go cionn mórán aimsire.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí