Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 16:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Ní fhéadann aon tsearbhónta seirbhís do dhéanamh do dhá mháighistir: óir béidh fuath aige do dhuine aca, agus grádh do’n duine eile; nó claoidhfidh sé le duine aca, agus béidh droch‐mheas aige ar an duine eile. Ní féidir dhaoibh fóghnamh do Dhia agus do Mhamón.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 Ní fhéadann aon seirbhíseach bheith ar aimsir ag an dá mháistir; mar beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó é dílis do dhuine acu agus dímheas aige ar an duine eile. Ní féidir libhse ach an oiread bheith in bhur seirbhísigh ag Dia agus ag mammon san am amháin.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Ní thig le seirbhíseach ar bith seirbhís a dhéanamh do dhá mháighistir: óir béidh fuath aige ar dhuine acu, agus grádh aige do’n duine eile, nó claoidhfidh sé le duine acu, agus béidh dímheas aige ar an duine eile. Ní thig libh seirbhís a dhéanamh do Dhia agus do mhammon

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Ní héidir le searbhfoghantuidhe ar bith seirbhis do dhéanamh do dhá thighearna: óir biáiddh fúath aige do neach aca, agus grádh don dara fear; nó ceangalfuidh sé do dhuine aca, agus do bhéara sé tarcuisne ar an dara fear. Ní héidir libh seirbhís do dhéanamh do dhía agus do Mhammon.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Ní féidir d’aon tseirbhíseach rud a dhéanamh ar dhá mháighistir; óir beidh fuath aige do dhuine acu, agus grádh do’n duine eile; nó claoidhfidh sé le duine acu, agus cuirfidh sé neamhshuim sa duine eile. Ní féidir daoibh Dia d’fhriothalamh agus mammon.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Ní féidir do sclábhaí ar bith dhá mháistir a riaradh, óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuime den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t-airgead.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 Ní féidir do sclábha ar bith dhá mháistir a riaradh, óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuim den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t‑airgead.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 16:13
12 Tagairtí Cros  

agus mé d’adhradh. Annsin adubhairt Íosa leis, Imthigh, a Shátain: óir atá scríobhtha, Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus is dó‐san amháin do, ghéanaidh tú seirbhís.


Ní féidir d’aoinneach seirbhís do dhéanamh do dhá mháighistir: óir béidh fuath aige do dhuine aca, agus grádh do’n duine eile: nó claoidhfidh sé le duine aca, agus béidh droch‐mheas aige ar an duine eile. Ní féidir dhaoibh seirbhís do dhéanamh do Dhia agus do Mhammon.


An té nach bhfuil liom atá sé im’ aghaidh; agus an té nach bhfuil ag cruinnuí mar aon liom, atá sé ag scaipeadh.


Má atá aon duine ag teacht chugam‐sa, agus gan fuath aige d’á athair, agus d’á mháthair, agus d’á mhnaoi, agus d’á chlainn, agus d’á dhearbhráithribh, agus d’á dheirbhsheathrachaibh, agus fós d’á anam féin, ní féidir dhó bheith ’n‐a dheisceabal agam.


Agus muna rabhabhar dílis i gcuid duine eile, cia bhéarfas daoibh an nidh is libh féin?


Agus adeirim libh, Déanaidh cáirde dhaoibh féin le saidhbhreas na mí‐chneastachta; i dtreo, nuair bhéas easbaidh oraibh, go nglacfaidís isteach ins na puiblibh síorraidhe sibh.


Acht adubhairt seisean leis, Ná choiscidh é: óir an té nach bhfuil ’n‐bhúr gcoinnibh atá sé libh.


A mhná adhaltrannacha, nach eol daoibh gur náimhdeachas i n‐aghaidh Dé cáirdeas an tsaoghail seo? Uime sin, cibé duine gur mian leis bheith ’n‐a charaid do’n tsaoghal so, do‐ghní sé námha Dé dhe féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí