Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 16:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do ghlaodh sé chuige é, agus adubhairt sé leis, Créad é seo do‐chluinim id’ thaobh‐sa? tabhair cunntas do mhaoirseachta; óir ní fhéadfair bheith id’ mhaor agam feasta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Ghlaoigh sé chuige ansin é agus ar seisean leis, ‘Cad é sin a chluinim fútsa? Tabhair cuntas ar do mhaoracht, mar ní fhéadfaidh tú bheith i do mhaor níos faide.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus ghoir sé chuige é, agus dubhairt sé leis: Cad é seo a chluinim fá dtaoibh díot? Tabhair cunntas ar do stiubhardacht uait; óir ní thig leat a bheith i do stiubhard anois níos fuide.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus ar na ghairm chuige dho, a dubhairt sé ris, Créd é so do chluinim ort?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus do ghlaoidh sé chuige é, agus dubhairt sé leis, Cad é seo a chloisim ad’ thaobh-sa? Tabhair cúntas ad’ stíbhardaidheacht, mar ní fhéadfair bheith ad’ stíbhard feasda.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Chuir sé fios air agus dúirt leis: ‘Cad é seo a chluinim mar gheall ort? Tabhair cuntas uait i do mhaoirseacht, óir ní féidir tú a bheith i do mhaor feasta.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Chuir sé fios air agus dúirt leis: ‘Cad é seo a chluinim mar gheall ort? Tabhair cuntas uait i do mhaoirseacht, óir ní féidir thú a bheith i do mhaor feasta.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 16:2
23 Tagairtí Cros  

Agus adeirim‐se libh, Gach focal díomhaoin labharfas daoine, caithfidh siad cunntas do thabhairt ann, lá an bhreitheamhnais.


Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, adubhairt tighearna an fhíonghuirt le n‐a mhaor, Glaodh ar an lucht oibre, agus íoc leo a dtuarastal, ag tosnú leis an dream deireannach go dtí an chéad dream tháinig.


Acht adubhairt Dia leis, A dhuine gan chéill, éileochar t’anam ort anocht féin; agus cia aige go mbéidh gach a bhfuil curtha le chéile agat?


Agus adubhairt an Tighearna, Cia h‐é, mar sin, an maor dílis, ciallmhar, go gcuirfidh a thighearna é i mbun a theaghlaigh, chum go dtiubhraidh sé a gcuid bidh dhóibh i dtráth?


Agus adubhairt sé fós le n‐a dheisceablaibh, Do bhí duine saidhbhir ann, agus do bhí maor aige; agus do‐rinneadh gearán leis ’n‐a thaobh, go raibh sé ag cur a mhaoine amugha.


Agus adubhairt an maor ’n‐a aigne féin, Créad do‐ghéanad, agus mo mháighistir ag baint na maoirseachta dhíom? Ní fhuil neart agam chum rómhar do dhéanamh; is nár liom bheith ag iarraidh déirce.


D’á bhrigh sin bhéarfaidh gach duine againn cunntas ’n‐a thaobh féin do Dhia.


Óir do h‐inniseadh dhom ’n‐bhur dtaobh, a bráithre, ó mhuinntir Chlóé, go bhfuil éada oraibh le chéile.


Thairis sin is é rud éilightear ar mhaoraibh bheith dílis.


D’á bhrigh sin ná tabhraidh breitheamhnas i gcúis ar bith roimh an am, nó go dtagidh an Tighearna bhéarfas chum an tsolais neithe atá foluighthe fá dhorchadas, agus nochtfas rúin na gcroidhthe; annsin gheobhas gach duine a mholadh féin ó Dhia.


Óir caithfimíd uile dul i láthair cathaoireach breitheamhnais Chríost; chum go bhfaigheadh gach aoinneach cúiteamh a ndearna sé san gcolainn, do réir a ghníomhartha, cia aca maith nó olc iad.


Ná déan faillighe san tabhartas atá ionnat, tugadh tré tharngaire dhuit le leagadh lámh na seanóir.


Atá daoine ann go bhfuil a bpeacaidhe follusach, ag tarraingt breitheamhnais ortha féin; agus atá daoine eile ann go nochtar a bpeacaidhe ’n‐a ndiaidh.


Do réir mar fuair gach duine bronntanas, roinnidh ar a chéile é, mar dhéanfadh deagh‐mhaoir grása iomadamhla Dé.


Bhéarfaidh siad cunntas do’n té atá ullamh chum breitheamhnas do thabhairt ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh.


Agus do chonnacas na mairbh, idir bheag agus mhór, ’n‐a seasamh os cómhair na righ‐chathaoireach; agus do foscladh na leabhair: agus do foscladh leabhar eile, is é leabhar na beathadh é: agus tugadh breitheamhnas ar na marbhaibh as a raibh scríobhtha ins na leabhraibh, do réir a ngníomhartha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí