Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 16:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus adubhairt sé fós le n‐a dheisceablaibh, Do bhí duine saidhbhir ann, agus do bhí maor aige; agus do‐rinneadh gearán leis ’n‐a thaobh, go raibh sé ag cur a mhaoine amugha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Dúirt sé lena chois sin lena dheisceabail, “Bhí duine saibhir ann a raibh maor aige, agus tugadh an scéal chuige go raibh an fear sin ag cur a mhaoine amú.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus dubhairt sé fosta le n-a dheiscobail: bhí duine saidhbhir áirithe ann a raibh stiubhard aige, agus rinneadh casaoid leis air gur chuir sé a mhaoin amugha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus a dubhairt sé fós ré na dheisciobluibh, Do bhí duine saidhbhir áirighe ann, aga raibh sdíobhard; agus do rinneadh casasoid ris air, gur dhíomháil sé a mhaóin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Ansan dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Bhí duine saidhbhir ann agus bhí stíbhard aige, agus do h-innseadh do, ’n-a thaobh, go raibh sé ag sgaipeadh a choda.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Dúirt sé lena dheisceabail freisin: “Bhí fear saibhir ann a raibh maor aige, agus gearánadh é seo leis go raibh sé ag scaipeadh a mhaoine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Dúirt sé lena dheisceabail freisin: “Bhí fear saibhir ann a raibh maor aige, agus gearánadh é seo leis go raibh sé ag scaipeadh a mhaoine.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 16:1
19 Tagairtí Cros  

Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, adubhairt tighearna an fhíonghuirt le n‐a mhaor, Glaodh ar an lucht oibre, agus íoc leo a dtuarastal, ag tosnú leis an dream deireannach go dtí an chéad dream tháinig.


Agus adubhairt an Tighearna, Cia h‐é, mar sin, an maor dílis, ciallmhar, go gcuirfidh a thighearna é i mbun a theaghlaigh, chum go dtiubhraidh sé a gcuid bidh dhóibh i dtráth?


Agus tamall beag ’n‐a dhiaidh sin do bhailigh an mac do b’óige a chuid le chéile, agus d’imthigh sé ar aistear go tír i gcéin; agus do scaip sé a chuid le ragairne.


acht an mac so leat, go bhfuil do chuid ídighthe aige le méirdreachaibh, nuair tháinig seisean, do mharbhais dó‐san an laogh biadhta.


Agus do bhí fear saidhbhir ann, ar a mbíodh éadach corcra agus línéadach mín, agus é ag déanamh fleidhe le sáimhe gach lá:


Agus do ghlaodh sé chuige é, agus adubhairt sé leis, Créad é seo do‐chluinim id’ thaobh‐sa? tabhair cunntas do mhaoirseachta; óir ní fhéadfair bheith id’ mhaor agam feasta.


Agus tháinig an duine eile, agus adubhairt sé, A thighearna, féach, seo chugat do phúnt, do bhí fillte i naipcín agam:


agus Ióhanna bean Chúsa, feadhmannach loruaith, agus Súsanna, agus mórán eile díobh‐san do bhí ag friotháileamh air as a ngustal féin.


Óir ní foláir do’n easboc bheith gan locht, mar ba chóir do mhaor Dé; gan bheith ceanndána, gan bheith feargach, gan bheith tugtha do’n ól, gan bheith buailteach, ná sanntach i n‐airgead neamh‐ghlan;


Iarrann sibh, agus ní fhaghann sibh, de bhrigh go n‐iarrann sibh go h‐olc, chum bhur n‐ainmhianta do shásamh.


Do réir mar fuair gach duine bronntanas, roinnidh ar a chéile é, mar dhéanfadh deagh‐mhaoir grása iomadamhla Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí