Lúcás 16:1 - An Bíobla Naofa 19811 Dúirt sé lena dheisceabail freisin: “Bhí fear saibhir ann a raibh maor aige, agus gearánadh é seo leis go raibh sé ag scaipeadh a mhaoine. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)1 Dúirt sé lena chois sin lena dheisceabail, “Bhí duine saibhir ann a raibh maor aige, agus tugadh an scéal chuige go raibh an fear sin ag cur a mhaoine amú. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara1 Agus dubhairt sé fosta le n-a dheiscobail: bhí duine saidhbhir áirithe ann a raibh stiubhard aige, agus rinneadh casaoid leis air gur chuir sé a mhaoin amugha. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus adubhairt sé fós le n‐a dheisceablaibh, Do bhí duine saidhbhir ann, agus do bhí maor aige; agus do‐rinneadh gearán leis ’n‐a thaobh, go raibh sé ag cur a mhaoine amugha. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)1 Agus a dubhairt sé fós ré na dheisciobluibh, Do bhí duine saidhbhir áirighe ann, aga raibh sdíobhard; agus do rinneadh casasoid ris air, gur dhíomháil sé a mhaóin. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)1 Ansan dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Bhí duine saidhbhir ann agus bhí stíbhard aige, agus do h-innseadh do, ’n-a thaobh, go raibh sé ag sgaipeadh a choda. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20121 Dúirt sé lena dheisceabail freisin: “Bhí fear saibhir ann a raibh maor aige, agus gearánadh é seo leis go raibh sé ag scaipeadh a mhaoine. Féach an chaibidil |
Chruinnigh Dáiví le chéile in Iarúsailéim feidhmeannaigh Iosrael go léir, uachtaráin na dtreibheanna, oifigigh na ndíormaí i seirbhís an rí, na ceannairí míle, agus na ceannairí céad, maoir maoine agus eallaigh an rí agus a mhic, agus, chomh maith leosan, na coillteáin agus na curaidh chróga chatha.