Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 15:32 - An Bíobla Naofa 1981

32 ach bhí sé ceart aoibhneas a dhéanamh agus áthas, óir bhí an deartháir seo agat marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

32 Ba é an ceart a bheith súgach meidhreach, mar bhí do dheartháirse anseo marbh, agus tá sé beo anois; cailleadh é, agus fuarthas arís é.’”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

32 Acht ba chuibhe dúinn bheith súgach agus lúthgháireach, de bhrígh go raibh an dearbhráthair seo leat marbh, agus gur éirigh sé beo arís; go raibh sé caillte, agus go bhfuarthas é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Acht ba cheart súbhachas agus gáirdeachas do bhéanamh: óir do bhí do dhearbhráthair annso marbh, agus do théarnuigh sé; do bhí sé ar iarraidh agus frith é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 Achd do budh cóir dhúinn sugachas, agus forbháilteachas do dhéanamh; tré go raibh an dearbhathairsi agadsa tar éis bháis, agus gur aithbhéodhuigh sé; agus go ndeach aidh sé a mugha, agus gur fríth a ris e.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Ach ba chóir súbhachas agus gáirdeachas a dhéanamh, óir bhí do dhritháir anso marbh, agus tá sé beó airís; bhí sé caillte, agus do fuaradh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

32 ach bhí sé ceart aoibhneas a dhéanamh agus áthas, óir bhí an deartháir seo agat marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 15:32
13 Tagairtí Cros  

Féach, is geal leat an croí dílis, agus i mo lár istigh múineann tú eagna dom.


agus an dream atá saortha ag an Tiarna, leanfaidh siad abhaile é. Tiocfaidh siad go Síón, ag liúireach le gairdeas, agus aoibhneas síoraí ina choróin ar a gceann; tiocfaidh áthas agus aoibhneas ag triall ina gcuideachta, agus beidh casaoid agus crá bailithe leo ar shiúl.


Cad ab áil le hEafráim d'íola feasta? Is mise a thugann éisteacht dó, agus a bheidh ag faire air. Táimse cosúil le crann úrghlas cufróige; más torthúil thusa, tá a bhuíochas sin ormsa.


“Óir tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a shlánú.


óir bhí an mac seo agam marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’ Agus thosaigh siad ag déanamh aoibhnis.


Ach dúirt sé leis: ‘A mhic, bíonn tusa liom i gcónaí, agus gach a bhfuil agam is leat;


Tá Mac an Duine tagtha ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’


Mar, má tugadh an domhan chun athmhuintearais trína gcaitheamh amach, cad a thiocfaidh dá nglacadh ar ais ach beatha ó mhairbh?


Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfí gach béal ina thost agus go mbeadh an domhan go léir freagrach do Dhia.


Go deimhin ní chuirfidh. Caithfidh Dia a bheith fíor más fealltóir féin gach uile dhuine, de réir mar atá scríofa: “Ionas go bhfógrófaí fíor thú i do bhriathra agus go mbeadh an bua leat i do chúis.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí