Lúcás 15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus do bhí na poibleacáin agus na peacaigh uile ag teacht chuige ag éisteacht leis. 2 Agus dorinne na Fairisínigh agus na scríobhaidhthe gearán, g‐á rádh, Fáiltigheann an fear so roimh na peacachaibh, agus itheann sé ’n‐a gcuibhreann. 3 Agus do labhair sé leo an tsamhlaoid seo, g‐á rádh, 4 Cia agaibh‐se ag a bhfuil céad caora, agus go gcaillfeadh sé ceann aca, nach bhfágann na naoi gcinn déag agus ceithre fichid sa bhfásach, agus nach dtéid ar lorg na caorach do cailleadh nó go bhfaghann sé í? 5 Agus nuair do‐gheibh sé í, tógann sé ar a ghuailnibh í, agus luthgháir air. 6 Agus ag teacht abhaile dhó, ghlaodhann sé chuige a cháirde agus a chómharsana, agus adeir sé leo, Déanaidh gáirdeachas liom, óir fuaras mo chaora do cailleadh. 7 Adeirim libh gur ab ar an gcuma chéadna bhéas áthas ar neamh mar gheall ar pheacach amháin do‐ghní aithrighe, seachas naoi bhfíréin déag agus ceithre fichid nach bhfuil gábhadh le h‐aithrighe aca. 8 Nó cia h‐í an bhean ag a bhfuil deich mbuinn airgid, má chailleann sí bonn díobh, nach lasann sí lampa, agus nach scuabann sí an teach, agus nach gcuarduigheann sí go dícheallach nó go bhfaighidh sí é? 9 Agus nuair do‐gheibh sí é, glaodhann sí chuichi a cáirde agus a cómharsana, g‐á rádh, Déanaidh gáirdeachas liom, óir fuaras an bonn do chailleas. 10 Mar an gcéadna, adeirim libh, béidh áthas i measc aingeal Dé mar gheall ar pheacach amháin do‐ghní aithrighe. 11 Agus adubhairt sé, Do bhí fear ann agus bhí beirt mhac aige: 12 agus adubhairt an mac do b’óige le n‐a athair, A athair, tabhair dhom an chuid ded’ mhaoin atá ag dul dom. Agus do roinn sé a mhaoin eadortha. 13 Agus tamall beag ’n‐a dhiaidh sin do bhailigh an mac do b’óige a chuid le chéile, agus d’imthigh sé ar aistear go tír i gcéin; agus do scaip sé a chuid le ragairne. 14 Agus nuair do bhí gach éinnidh caithte aige tháinig gorta an‐mhór sa tír sin; agus do thosnuigh sé ar bheith i ngábhatar. 15 Agus d’imthigh sé, agus do chuaidh sé ar aimsir le duine de lucht áitreibh na tíre sin; agus do chuir seisean amach é fá’n tír ag buachailleacht muc. 16 Agus ba mhian leis a sháith d’ithe de na féithleogaibh dh’itheadh na muca, agus ní thug aon duine rud dó. 17 Acht nuair do chruinnigh sé a mheabhair, adubhairt sé, Nach iomdha searbhónta atá ag m’athair agus breis agus a ndóthain aráin aca, agus mise annso ag fágháil bháis le h‐ocras! 18 Éireochad agus rachad chum m’athar, agus adéarfad leis, A athair, do‐rinneas peacadh i n‐aghaidh neimhe, agus id’ fhiadhnaise‐se: 19 ní fiú mé feasta go luadhfaidhe mé mar mhac duit: déan duine ded’ lucht tuarastail díom. 20 Agus d’éirigh sé agus tháinig sé chum a athar. Acht do chonnaic a athair é, agus é fós i bhfad uaidh, agus do ghabh truagh mhór dó é, agus do rith sé, agus do chaith sé é féin ar a bhrághaid, agus do phóg sé é go dil, díocra. 21 Agus adubhairt an mac leis, A athair, do‐rinneas peacadh i n‐aghaidh neimhe, agus id’ fhiadhnaise‐se: ní fiú mé feasta go luadhfaidhe mé mar mhac duit. 22 Acht adubhairt an t‐athair le n‐a sheirbhíseachaibh, Beiridh amach láithreach an chulaith is fearr, agus cuiridh air í; agus cuiridh fáinne ar a mhéir agus bróga ar a chosaibh: 23 agus beiridh libh an laogh biadhta, agus marbhuighidh é, agus bímís ag ithe, agus ag déanamh suilt: 24 óir do bhí an mac so liom marbh agus atá sé beo arís; do bhí sé ar iarraidh, agus frith é. Agus do thosnuigheadar ar bheith go sultmhar. 25 Agus do bhí a mhac ba shine amuigh ar an bhfearann: agus ag druidim i ngar do’n tigh dhó, d’airigh sé an ceol agus an rinnce. 26 Agus do ghlaodh sé chuige duine de na seirbhíseachaibh, agus d’fhiafruigh sé dhe créad do bhí ar siubhal. 27 Agus adubhairt seisean leis, Tháinig do dhearbhráthair; agus do mharbh t’athair an laogh biadhta, toisc go bhfuair sé slán beo arís é. 28 Acht tháinig fearg air, agus ní rachadh sé isteach: agus tháinig a athair amach agus do chuir sé impidhe air. 29 Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt sé le n‐a athair, Féach, atáim‐se ag obair dhuit na bliadhanta fada so, agus níor sháruigheas t’órdú riamh: agus ’n‐a dhiaidh sin ní thugais oiread agus meannán dom chum go ndéanfainn súbhachas lem’ cháirdibh: 30 acht an mac so leat, go bhfuil do chuid ídighthe aige le méirdreachaibh, nuair tháinig seisean, do mharbhais dó‐san an laogh biadhta. 31 Agus adubhairt seisean leis, A mhic, atáir‐se im’fhochair i gcómhnaidhe, agus gach a bhfuil agam‐sa is leat‐sa é. 32 Acht ba cheart súbhachas agus gáirdeachas do bhéanamh: óir do bhí do dhearbhráthair annso marbh, agus do théarnuigh sé; do bhí sé ar iarraidh agus frith é. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society