Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 15:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 óir do bhí an mac so liom marbh agus atá sé beo arís; do bhí sé ar iarraidh, agus frith é. Agus do thosnuigheadar ar bheith go sultmhar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 mar bhí an mac seo agam marbh, agus tá sé beo arís; bhí sé caillte, ach fuarthas anois é.’ Agus thosaigh siad ar bheith go súgach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 Óir bhí an mac seo liom marbh, agus d’éirigh sé beo arís; bhí sé caillte, agus fuarthas é. Agus thoisigh siad a bheith súgach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Oir fuáir mo mhac ann so bás, agus do aithbhéodhuigh sé: agus do chúaidh sé a mugha, agus friíth é. Ar a naddhbhar, sindo thionnsgnadar bheith go sugach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Óir bhí an mac so liom marbh, agus tá sé beó airís; do cailleadh é, agus do fuaradh é. Agus chromadar ar bheith go sóghach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 óir bhí an mac seo agam marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’ Agus thosaigh siad ag déanamh aoibhnis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

24 óir bhí an mac seo agam marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’ Agus thosaigh siad ag déanamh aoibhnis.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 15:24
34 Tagairtí Cros  

Acht adubhairt Íosa leis, Lean mise; agus leig do na marbhaibh a mairbh féin d’adhlacadh.


Agus thángadar go Bétsáida. Agus thugadar dall chuige, agus d’iarradar air a lámh do chur air.


Féachaidh, atá cumas tabhartha agam daoibh chum nathracha nimhe agus scairpeanna do bhrúghadh fá chois, agus buaidh ar gach neart na námhad: agus ní dhéanfaidh éinnidh anachain ar bith oraibh.


agus beiridh libh an laogh biadhta, agus marbhuighidh é, agus bímís ag ithe, agus ag déanamh suilt:


Agus do bhí a mhac ba shine amuigh ar an bhfearann: agus ag druidim i ngar do’n tigh dhó, d’airigh sé an ceol agus an rinnce.


Acht ba cheart súbhachas agus gáirdeachas do bhéanamh: óir do bhí do dhearbhráthair annso marbh, agus do théarnuigh sé; do bhí sé ar iarraidh agus frith é.


Cia agaibh‐se ag a bhfuil céad caora, agus go gcaillfeadh sé ceann aca, nach bhfágann na naoi gcinn déag agus ceithre fichid sa bhfásach, agus nach dtéid ar lorg na caorach do cailleadh nó go bhfaghann sé í?


Óir tháinig Mac an Duine chum a raibh caillte do chuardach agus do shlánú.


Agus adubhairt seisean leis, Leig do na marbhaibh a mairbh féin do chur; acht imthigh‐se agus fógair ríoghacht Dé go foirleathan.


Adubhairt Íosa léi, Is mise an aiséirghe agus an bheatha: cibé chreideas ionnam‐sa, má gheibh sé bás féin, mairfidh sé:


Óir fá mar thógas an t‐Athair na mairbh agus aithbheodhuigheas sé iad, ar an gcuma chéadna aithbheodhuigheann an Mac na daoine is toil leis.


Óir má’s é réidhteach an tsaoghail tháinig as diúltadh dhóibh, créad bhéas ann, má glactar leo athuair, acht beatha ó na marbhaibh?


Déanaidh gáirdeachas leis na daoinibh do‐ghní gáirdeachas; déanaidh gol leis na daoinibh do‐ghní gol.


Mar sin daoibh‐se, measaidh sibh féin bheith marbh do’n pheacadh, acht bheith beo do Dhia tré Íosa Críost.


agus ná tabhraidh bhur mbaill beathadh mar ghléiseanna éagcóra; acht tabhraidh sibh féin do Dhia mar dhaoine atá beo ó na marbhaibh, agus tabhraidh bhur mbaill beathadh mar ghléiseanna fíréantachta do Dhia.


Óir do shaor dlighe Spioraid na beathadh i nÍosa Críost mé ó dhlighe an pheacaidh agus an bháis.


Agus má fhulaingeann ball ar bith, fulaingeann gach aon bhall eile i n‐éinfheacht leis; nó má tugtar onóir do bhall ar bith, bíonn bród ar gach ball eile i n‐éinfheacht leis.


Agus do bhí sibh‐se marbh do dheascaibh bhur bpeacadh agus bhur gcionnta,


nuair bhíomar marbh de dheascaibh ár gcionnta, do bheodhuigh sé i n‐éinfheacht le Críost sinn (is tré ghrása do slánuigheadh sibh), agus do thóg sé suas sinn i n‐éinfheacht leis,


uime sin adeirtear, Dúisigh, thusa atá id’ chodladh, Agus éirigh as lár na marbh, Agus soillseochaidh Críost ort.


Agus sibh‐se do bhí marbh de dheascaibh bhur gcionnta agus tré neamh‐thimcheall‐ghearradh bhur bhfeola, d’aithbheodhuigh sé i n‐éinfheacht leisean sibh, tar a éis dó ár gcionntaí uile do mhaitheamh dhúinn.


Acht an bhean chuireas dúil i bpléisiúr, atá sí marbh, agus í ’n‐a beathaidh.


Atáid mar bhéadh cairrgeacha foluighthe ’n‐bhur bhfleadhannaibh grádha, ag ithe go craosach, mí‐náireach ’n‐bhur gcuibhreann, ag tabhairt aire dhóibh féin amháin; néallta gan uisce d’á scuabadh le gaothaibh; crainn fóghmhair gan toradh, atá marbh fá dhó, do tarraingeadh as a bhfréamhaibh;


Agus scríobh chum aingil na h‐eaglaise i Sárdis; Is é adeir an té go bhfuil seacht Spioraídí Dé aige, agus na seacht réaltana: Is eol dom t’oibreacha, agus go bhfuilir i n‐ainm bheith beo, acht gur marbh atáir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí