Lúcás 15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XV. Parabal na caorach a cailleadh, agus parabal an mhic a bhí róchaithteach. 1 Agus bhí na puibliocánaigh agus na peacaigh ag teacht chuige ag éisteacht leis. 2 Agus bhí na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí ag ceisneamh, agus deiridís: Ar ndó, glacann an fear so na peacaigh agus itheann sé bia ’n-a bhfochair. 3 Agus do labhair seisean leó an tsoluíd seo: 4 Cé’cu agaibh-se go mbeadh céad caora aige, agus go raghadh caora acu amú uaidh, ná fágfadh na naoi gcinn déag agus cheithre fichid sa bhfásach agus ná raghadh ar lorg an chinn a cailleadh go dtí go bhfaghadh sé í? 5 Agus nuair a gheibheann sé í tógann sé ar a ghuaillibh í, agus áthas air, 6 Agus nuair a thagann sé abhaile glaodhann sé chuige a cháirde agus a chómharsain agus deir sé leó: Deinidh gáirdeachas liom, mar do fuaras mo chaora do cailleadh. 7 Deirim libh gurab shin mar a bheidh gáirdeachas ar neamh mar gheall ar aon pheacach amháin a dhéanfaidh aithrighe seachas naoi dhuine dhéag agus cheithre fichid de dhaoinibh córa ná fuil gádh le h-aithrighe acu. 8 Nó cé h-í an bhean go mbeadh deich ndrachma aici agus go gcaillfeadh sí drachma dhíobh, ná déanfadh coinneal do lasadh agus an tigh do sguabadh, agus an drachma do lorg go géar go dtí go bhfaghadh sí é? 9 Agus nuair a gheibheann sí é, glaodhann sí chúichi a cáirde agus a cómharsain agus deir sí leó: Deinidh gáirdeachas liom, mar do fuaras an drachma a chailleas. 10 Deirim-se libh-se gur b’ shin mar a bheidh gáirdeachas i láthair aingeal Dé mar gheall ar aon pheacach amáin a dhéanfaidh aithrighe. 11 Agus dubhairt sé: Bhí fear ann agus bhí beirt mhac aige; 12 Agus dubairt an mac ab óige acu le n’athair, A athair, tabhair dómh-sa an méid atá ag dul dom de d’chuid, agus do rainn sé an chuid eatartha. 13 Agus tar éis beagán laethanta do bhailigh an mac ab óige chuige a chuid go léir, agus d’imthigh sé go dúthaigh iasachta abhfad ó bhaile, agus do sgaip sé a chuid le baois agus le rabairne. 14 Agus nuair a bhí gach aon rud caithte aige tháinig gorta ana-dhian sa tír sin, agus thusnuigh sé ar bheith i n-uireasba. 15 Agus d’imthigh sé agus do réidhtigh sé le duine de mhuintir na tíre sin. Agus do chuir seisean é amach chun a chod’ tailimh ag cothú mhuc. 16 Agus ba mhaith leis a bholg a líonadh de sna féithleógaibh a dh’itheadh na muca, agus ní thabharfadh aoinne dhó iad. 17 Agus do mhachtnaimh sé i n’aigne agus dubhairt sé: Cad a bhfuil de lucht tuarasdail a thuilleamh i dtigh m’athar agus a ndóithin aráin acu, agus mise anso ag fághail bháis do’n ghorta! 18 Eireóchad agus raghad ag triall ar m’athair agus déarfad leis, A Athair, tá peacadh déanta agam i n-aghaidh neimhe agus ad’ láthair-se; 19 Ní fiú mé feasda go ndéarfaí gur mac duit mé. Leig dom bheith mar dhuine ded’ lucht tuarasdail a thuilleamh. 20 Agus d’eirigh sé agus tháinig sé fé dhéin a athar. Agus an fhaid a bhí sé fós abhfad uaidh, do chonaic an t-athair é, agus tháinig ana-thruagh aige dhó, agus do rith sé chuige agus chaith sé é féin ar a bhrághaid agus do phóg sé é. 21 Agus dubhairt an mac leis: A athair, tá peacadh déanta agam i n-aghaidh neimhe agus ad’ láthair-se; ní fiú mé feasda go ndéarfaí gur mac duit mé. 22 Agus dubhairt an t-athair le n-a sheirbhíseachaibh, Brostuighidh agus tugaidh amach an chulaith éadaigh is fearr agus cuiridh uime í, agus cuiridh fáinne ar a láimh, agus bróga ar a chosaibh, 23 Agus tugaidh libh an gamhain ramhar agus marbhuighidh é, agus ithimís agus bímís sóghach; 24 Óir bhí an mac so liom marbh, agus tá sé beó airís; do cailleadh é, agus do fuaradh é. Agus chromadar ar bheith go sóghach. 25 Ach bhí an mac ba shine aige amuigh sa pháirc, agus bhí sé ag teacht chun an tighe, agus d’airigh sé an ceól agus an rinnce, 26 Agus ghlaoidh sé ar dhuine de sna seirbhísigh, agus d’fhiafraigh sé dhe cad é seo a bhí ar siubhal. 27 Agus dubhairt seisean, Tháinig do dhritháir, agus do mhairbh t’athair an gamhain ramhar toisg é theacht slán chuige. 28 Agus tháinig fearg air, agus ní raghadh sé isteach. Ansan tháinig an t-athair amach agus chrom sé ar thathant air. 29 Agus dubhairt seisean le n’athair ’ghá fhreagradh: Féach, táim-se ag obair duit na blianta so go léir, agus níor dhiúltuigheas riamh do rud a déanamh ort, agus níor thugais riamh dom oiread agus mionán chun súbhachais a dheanamh le m’cháirdibh; 30 Ach an mac so dhuit, chómh luath agus tháinig sé, tar éis a choda do chaitheamh le striapachaibh, mharbhuighis an gamhain ramhar dó. 31 Dubhairt seisean leis ámhthach: A mhic, taoi-se am’ fhochair i gcómhnuighe, agus is leat a bhfuil agam; 32 Ach ba chóir súbhachas agus gáirdeachas a dhéanamh, óir bhí do dhritháir anso marbh, agus tá sé beó airís; bhí sé caillte, agus do fuaradh é. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society