Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 15:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus nuair a thagann sé abhaile glaodhann sé chuige a cháirde agus a chómharsain agus deir sé leó: Deinidh gáirdeachas liom, mar do fuaras mo chaora do cailleadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Agus nuair a thagann sé abhaile, cruinníonn sé le chéile a chairde agus a chomharsana, agus deir sé leo, ‘Déanaigí comhghairdeas liom, mar tá mé i ndiaidh an chaora a bhí caillte agam a fháil arís.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Agus ar theacht abhaile dó, nach ngoireann sé chuige a cháirde agus a chómharsain, ag rádh leo: Déanaigidh cómhgháirdeachas liom, óir fuair mé mo chaora a bhí caillte?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus ag teacht abhaile dhó, ghlaodhann sé chuige a cháirde agus a chómharsana, agus adeir sé leo, Déanaidh gáirdeachas liom, óir fuaras mo chaora do cailleadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus ar dteachd dá thigh dhó, goiridh se a cháirde agus a chomharsain a geanna chéile, ag rádh ríu, Déanuidh luathgháire leamsa; óir fuáir mé mo cháora do chuáidh a múgha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 agus ar theacht abhaile dó, glaonn sé a chairde agus a chomharsana le chéile, ag rá leo: ‘Déanaigí comh-ghairdeas liom, óir, an chaora a bhí caillte agam, fuair mé í.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 agus ar theacht abhaile dó, glaonn sé a chairde agus a chomharsana le chéile, ag rá leo: ‘Déanaigí comhghairdeas liom, óir, an chaora a bhí caillte agam, fuair mé í.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 15:6
19 Tagairtí Cros  

Agus d’airigh a cómharsain agus a gaolta go raibh an Tighearna tar éis a mhór-thrócaire dhéanamh uirthi, agus dheineadar gáirdeachas léi.


Deirim-se libh-se gur b’ shin mar a bheidh gáirdeachas i láthair aingeal Dé mar gheall ar aon pheacach amáin a dhéanfaidh aithrighe.


Óir bhí an mac so liom marbh, agus tá sé beó airís; do cailleadh é, agus do fuaradh é. Agus chromadar ar bheith go sóghach.


Agus nuair a gheibheann sé í tógann sé ar a ghuaillibh í, agus áthas air,


Deirim libh gurab shin mar a bheidh gáirdeachas ar neamh mar gheall ar aon pheacach amháin a dhéanfaidh aithrighe seachas naoi dhuine dhéag agus cheithre fichid de dhaoinibh córa ná fuil gádh le h-aithrighe acu.


Is sibh-se mo cháirde-se ach go ndéanfaidh sibh na neithe adeirim libh.


An t-é go bhfuil an bhainchéile aige siné an céile; ach cara an chéile, atá ’n-a sheasamh ag éisteacht leis, glacann sé áthas mór ó ghuth an chéile. An t-áthas so d’a bhrígh sin atá orm-sa, tá sé iomlán.


Thainig sé agus chonnaic sé an grásta ó Dhia agus bhí áthas mór air agus thug sé cómhairle do sna daoine go léir bheith seasamhach ’n-a gcroidhe agus leanmhaint do’n Tighearna.


Ansan do chuir an eaglais chun siubhail iad san agus thánadar tré Phoenicé agus tré Shamaría agus iad ’gá innsint conus mar a bhí na geinte ag iompáil, agus chuireadar áthas mór ar na bráithribh go léir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí