Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 15:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Deirim libh gurab shin mar a bheidh gáirdeachas ar neamh mar gheall ar aon pheacach amháin a dhéanfaidh aithrighe seachas naoi dhuine dhéag agus cheithre fichid de dhaoinibh córa ná fuil gádh le h-aithrighe acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Deirim libh go mbeidh sé mar an gcéanna ar neamh, agus gur mó an lúcháir a dhéanfar faoi aon pheacach amháin a dhéanfas aithrí ná faoi naoi bhfíréan agus nócha nach mbíonn gnó acu le haithrí.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Deirim libh, gur amhlaidh a bhéas lúthgháir ar neamh fá aon pheacach a ghní aithrighe, níos mó ná fá naoi bhfíréin déag agus ceithre fichid nach mbíonn feidhm aithrighe ortha.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Adeirim libh gur ab ar an gcuma chéadna bhéas áthas ar neamh mar gheall ar pheacach amháin do‐ghní aithrighe, seachas naoi bhfíréin déag agus ceithre fichid nach bhfuil gábhadh le h‐aithrighe aca.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 A derim ribh, gur ah mar sin bhias forbhfáilte ar neamh ar son éin pheaochach do mni is mó na ar son naói bhfréin dég agus fichid, ar nach bhfuil riachdanas aithrighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Deirim libh, is amhlaidh sin a bheidh níos mó áthais sna flaithis faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí ná faoin naoi bhfíréan nóchad nach mbíonn gá le haithrí acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Deirim libh, is amhlaidh sin a bheidh níos mó áthais sna flaithis faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí ná faoin naoi bhfíréin nóchad nach mbíonn gá le haithrí acu.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 15:7
13 Tagairtí Cros  

Agus má ráinigheann dó í dh’fhághail, deirim libh, go deimhin, gur mó an t-áthas atá air mar gheall uirthi sin ’ná mar gheall ar na naoi gcinn déag agus cheithre fichid nár chuaidh amú.


Má’s eadh tugaidh toradh uaibh a bheidh do réir na h-aithrighe.


Deirim-se libh-se gur b’ shin mar a bheidh gáirdeachas i láthair aingeal Dé mar gheall ar aon pheacach amáin a dhéanfaidh aithrighe.


Agus dubhairt seisean le n’athair ’ghá fhreagradh: Féach, táim-se ag obair duit na blianta so go léir, agus níor dhiúltuigheas riamh do rud a déanamh ort, agus níor thugais riamh dom oiread agus mionán chun súbhachais a dheanamh le m’cháirdibh;


Ach ba chóir súbhachas agus gáirdeachas a dhéanamh, óir bhí do dhritháir anso marbh, agus tá sé beó airís; bhí sé caillte, agus do fuaradh é.


Agus nuair a thagann sé abhaile glaodhann sé chuige a cháirde agus a chómharsain agus deir sé leó: Deinidh gáirdeachas liom, mar do fuaras mo chaora do cailleadh.


Nó cé h-í an bhean go mbeadh deich ndrachma aici agus go gcaillfeadh sí drachma dhíobh, ná déanfadh coinneal do lasadh agus an tigh do sguabadh, agus an drachma do lorg go géar go dtí go bhfaghadh sí é?


Agus dubhairt sé leó: Is sibh-se a dheineann sibh féin fíoraonta i súilibh daoine, ach is eól do Dhia bhúr gcroidhthe; agus an rud atá árd i súilibh daoine, tá gráin ag Dia air.


Ní chun fíoraon do ghlaodhach chun aithrighe a thánag, ach chun peacach do ghlaodhach chun aithrighe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí