Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 15:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Adeirim libh gur ab ar an gcuma chéadna bhéas áthas ar neamh mar gheall ar pheacach amháin do‐ghní aithrighe, seachas naoi bhfíréin déag agus ceithre fichid nach bhfuil gábhadh le h‐aithrighe aca.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Deirim libh go mbeidh sé mar an gcéanna ar neamh, agus gur mó an lúcháir a dhéanfar faoi aon pheacach amháin a dhéanfas aithrí ná faoi naoi bhfíréan agus nócha nach mbíonn gnó acu le haithrí.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Deirim libh, gur amhlaidh a bhéas lúthgháir ar neamh fá aon pheacach a ghní aithrighe, níos mó ná fá naoi bhfíréin déag agus ceithre fichid nach mbíonn feidhm aithrighe ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 A derim ribh, gur ah mar sin bhias forbhfáilte ar neamh ar son éin pheaochach do mni is mó na ar son naói bhfréin dég agus fichid, ar nach bhfuil riachdanas aithrighe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Deirim libh gurab shin mar a bheidh gáirdeachas ar neamh mar gheall ar aon pheacach amháin a dhéanfaidh aithrighe seachas naoi dhuine dhéag agus cheithre fichid de dhaoinibh córa ná fuil gádh le h-aithrighe acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Deirim libh, is amhlaidh sin a bheidh níos mó áthais sna flaithis faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí ná faoin naoi bhfíréan nóchad nach mbíonn gá le haithrí acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Deirim libh, is amhlaidh sin a bheidh níos mó áthais sna flaithis faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí ná faoin naoi bhfíréin nóchad nach mbíonn gá le haithrí acu.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 15:7
13 Tagairtí Cros  

Agus má éirigheann leis a fágháil, go fírinneach adeirim libh, gur mó an t‐áthas atá air mar gheall uirthi‐se ’ná atá air mar gheall ar na naoi geinn déag agus ceithre fichid nach ndeachaidh amugha.


Ar an adhbhar sin, tabhraidh toradh uaibh bhéas de réir na h‐aithrighe;


Mar an gcéadna, adeirim libh, béidh áthas i measc aingeal Dé mar gheall ar pheacach amháin do‐ghní aithrighe.


Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt sé le n‐a athair, Féach, atáim‐se ag obair dhuit na bliadhanta fada so, agus níor sháruigheas t’órdú riamh: agus ’n‐a dhiaidh sin ní thugais oiread agus meannán dom chum go ndéanfainn súbhachas lem’ cháirdibh:


Acht ba cheart súbhachas agus gáirdeachas do bhéanamh: óir do bhí do dhearbhráthair annso marbh, agus do théarnuigh sé; do bhí sé ar iarraidh agus frith é.


Agus ag teacht abhaile dhó, ghlaodhann sé chuige a cháirde agus a chómharsana, agus adeir sé leo, Déanaidh gáirdeachas liom, óir fuaras mo chaora do cailleadh.


Nó cia h‐í an bhean ag a bhfuil deich mbuinn airgid, má chailleann sí bonn díobh, nach lasann sí lampa, agus nach scuabann sí an teach, agus nach gcuarduigheann sí go dícheallach nó go bhfaighidh sí é?


Agus adubhairt sé leo, Is sibh‐se an dream mhaoidheas as bhúr bhfíréantacht féin i bhfiadhnaise na ndaoine; acht is eol do Dhia bhúr gcroidheacha istigh: óir an nidh atá fá árd‐mheas i measc daoine, is gráin le Dia é.


Ní chum fíréin do ghlaodhach chum aithrighe thánag‐sa, acht chum peacaigh do ghlaodhach.


Do mhairinn‐se beo, tráth, taobh amuigh de’n dlighe: acht le teacht na h‐aithne, d’aithbheodhuigh an peacadh, agus do chuadhas‐sa i n‐éag,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí