Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 15:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Nó cia h‐í an bhean ag a bhfuil deich mbuinn airgid, má chailleann sí bonn díobh, nach lasann sí lampa, agus nach scuabann sí an teach, agus nach gcuarduigheann sí go dícheallach nó go bhfaighidh sí é?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 “Nó cé hí an bhean a bhfuil deich mbonn airgid aici, agus a chailleas aon bhonn amháin acu, nach lasann lampa agus nach dtéann a scuabadh an tí agus a chuardach ar a seacht ndícheall go dtí go bhfaigheann sí é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Nó cé’n bhean a bhfuil deich bpíosaí tuistiúin aice, má chailleann sí tuistiún amháin, nach lasann coinneal, agus nach scuabann an teach, agus nach gcuartuigheann go dícheallach, nó go bhfaghaidh sí é?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Nó cía an bhean agá mbíadh deich mboinn, agus do léigfeadh si ááon bhonn diobh a mugha, nach lasadh solas, agus nach sguaibéochadh an tígh, agus nach íarrfadh go dithcheallach nó go bhághadh si é?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Nó cé h-í an bhean go mbeadh deich ndrachma aici agus go gcaillfeadh sí drachma dhíobh, ná déanfadh coinneal do lasadh agus an tigh do sguabadh, agus an drachma do lorg go géar go dtí go bhfaghadh sí é?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 “Nó cén bhean a mbíonn deich ndrachma aici, má chailleann sí aon drachma amháin, nach lasann lampa agus an teach a scuabadh agus léirchuardach a dhéanamh nó go bhfaigheann é?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 “Nó cén bhean a mbíonn deich ndrachma aici, má chailleann sí aon drachma amháin, nach lasann lampa agus an teach a scuabadh agus léirchuardach a dhéanamh nó go bhfaigheann é?

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 15:8
9 Tagairtí Cros  

Agus ní lastar coinneal chum go gcuirfidhe í fá bhéal soithigh, acht chum go gcuirfidhe í ar choinnleoir; agus annsin do‐bheir sí solas d’á bhfuil sa tigh.


Adeirim libh gur ab ar an gcuma chéadna bhéas áthas ar neamh mar gheall ar pheacach amháin do‐ghní aithrighe, seachas naoi bhfíréin déag agus ceithre fichid nach bhfuil gábhadh le h‐aithrighe aca.


Agus nuair do‐gheibh sí é, glaodhann sí chuichi a cáirde agus a cómharsana, g‐á rádh, Déanaidh gáirdeachas liom, óir fuaras an bonn do chailleas.


Óir tháinig Mac an Duine chum a raibh caillte do chuardach agus do shlánú.


Agus atá caoirigh eile agam, nach mbaineann leis an gcró so: ní mór dom iadsan thabhairt, leis, agus éistfidh siad lem’ ghlór; agus béidh aon chró agus aon aodhaire amháin ann.


Agus ní h‐amháin ar son an chinidh, acht go gcruinneochadh sé i n‐aon chineadh amháin clann Dé atá scaipthe.


Agus do bhí cuid nár bheag díobh‐san do bhíodh ag cleachtadh ealadhan draoidheachta, thug a gcuid leabhar leo, agus do dhóigh iad i bhfiadhnaise cáich: agus do chómhaireadh a luach, agus fríth gurbh fhiú caogad míle bonn airgid air.


agus tháinig sé agus d’fhógair sé síothcháin daoibh‐se do bhí i gcéin, agus síothcháin dóibh‐sean do bhí i gcómhgar:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí