Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 15:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Nó cé h-í an bhean go mbeadh deich ndrachma aici agus go gcaillfeadh sí drachma dhíobh, ná déanfadh coinneal do lasadh agus an tigh do sguabadh, agus an drachma do lorg go géar go dtí go bhfaghadh sí é?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 “Nó cé hí an bhean a bhfuil deich mbonn airgid aici, agus a chailleas aon bhonn amháin acu, nach lasann lampa agus nach dtéann a scuabadh an tí agus a chuardach ar a seacht ndícheall go dtí go bhfaigheann sí é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Nó cé’n bhean a bhfuil deich bpíosaí tuistiúin aice, má chailleann sí tuistiún amháin, nach lasann coinneal, agus nach scuabann an teach, agus nach gcuartuigheann go dícheallach, nó go bhfaghaidh sí é?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Nó cia h‐í an bhean ag a bhfuil deich mbuinn airgid, má chailleann sí bonn díobh, nach lasann sí lampa, agus nach scuabann sí an teach, agus nach gcuarduigheann sí go dícheallach nó go bhfaighidh sí é?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Nó cía an bhean agá mbíadh deich mboinn, agus do léigfeadh si ááon bhonn diobh a mugha, nach lasadh solas, agus nach sguaibéochadh an tígh, agus nach íarrfadh go dithcheallach nó go bhághadh si é?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 “Nó cén bhean a mbíonn deich ndrachma aici, má chailleann sí aon drachma amháin, nach lasann lampa agus an teach a scuabadh agus léirchuardach a dhéanamh nó go bhfaigheann é?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 “Nó cén bhean a mbíonn deich ndrachma aici, má chailleann sí aon drachma amháin, nach lasann lampa agus an teach a scuabadh agus léirchuardach a dhéanamh nó go bhfaigheann é?

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 15:8
9 Tagairtí Cros  

Ní lastar coinneal chun í chur fé bhéal árthaigh, ach chun í chur ar choinnleóir, chun go dtabharfadh sí solus d’á bhfuil sa tigh.


Deirim libh gurab shin mar a bheidh gáirdeachas ar neamh mar gheall ar aon pheacach amháin a dhéanfaidh aithrighe seachas naoi dhuine dhéag agus cheithre fichid de dhaoinibh córa ná fuil gádh le h-aithrighe acu.


Agus nuair a gheibheann sí é, glaodhann sí chúichi a cáirde agus a cómharsain agus deir sí leó: Deinidh gáirdeachas liom, mar do fuaras an drachma a chailleas.


Óir is chun a raibh caillte do chuardach agus do shlánú a tháinig Mac an Duine.


Agus tá caoire eile agam ná baineann leis an gcró so; agus tá orm iad san a thabhairt liom, agus éistfid siad le m’ ghlór; agus beidh aon chró amháin ann agus aon aodhaire amháin.


Agus ní h-ar son an chinéil amháin, ach chun clainne Dé a bhí sgaipithe do chruinniú i n-aon bhuidhin.


Agus a lán de’n mhuinntir a bhíodh ag déanamh deismireachta thugadar na leabhair leó agus do dhóghdar iad os cómhair na puibilídheachta. Agus do measadh fiacha na leabhar, agus do fuaradh gur bh’fiú caogad míle píosa airgid iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí