Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 15:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Deirim-se libh-se gur b’ shin mar a bheidh gáirdeachas i láthair aingeal Dé mar gheall ar aon pheacach amáin a dhéanfaidh aithrighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Deirim libh go mbeidh sé mar an gcéanna i measc aingeal Dé nuair a dhéanfar lúcháir faoi aon pheacach amháin a mbeidh aithreachas air.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Mar sin, deirim libh, go mbéidh lúthgháir i láthair angle Dé fá aon pheacach a ghní aithrighe.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Mar an gcéadna, adeirim libh, béidh áthas i measc aingeal Dé mar gheall ar pheacach amháin do‐ghní aithrighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Mar an gcéadna, a deirim ribh, Bí gáirdeachas ar ainglibh Dé trí éin pheacthach amháin do ní aithrighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Is amhlaidh sin, deirim libh, a bhíonn áthas i láthair aingil Dé faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Is amhlaidh sin, deirim libh, a bhíonn áthas i láthair aingeal Dé faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 15:10
23 Tagairtí Cros  

Gach duine, d’á bhrígh sin, a dh’admhóchaidh mise os cómhair daoine, admhóchad-sa eisean os cómhair m’Athar atá ins na flathais.


Tugaidh aire gan neamhshuím a dhéanamh d’aoinne de’n mhuintir bheag san, mar deirim libh go bhfuil radharc do shíor agá n-aingealaibh sin ins na flathais, ar ghnúis m’Athar-sa, atá ins na flathais.


Mar an gcéadna, ní toil le nbhúr n-Athair atá ins na flathais go gcaillfí duine de’n mhuíntir bheag san.


Agus deirim libh: An uile dhuine d’admhóchaidh mise os cómhair daoine, admhóchaidh Mac an Duine eisean os cómhair aingeal Dé.


Agus an t-é a shéanfaidh mise os cómhair daoine, séanfar eisean os cómhair aingeal De.


Deirim libh ná rabhadar; ach mura ndeinidh sibh-se aithrighe go dtiocfaidh íde de’n tsaghas chéadna oraibh go léir.


Agus dubhairt sé: Bhí fear ann agus bhí beirt mhac aige;


Deirim libh gurab shin mar a bheidh gáirdeachas ar neamh mar gheall ar aon pheacach amháin a dhéanfaidh aithrighe seachas naoi dhuine dhéag agus cheithre fichid de dhaoinibh córa ná fuil gádh le h-aithrighe acu.


Agus nuair a gheibheann sí é, glaodhann sí chúichi a cáirde agus a cómharsain agus deir sí leó: Deinidh gáirdeachas liom, mar do fuaras an drachma a chailleas.


D’á bhrígh sin adeirim leat: Táid a lán peacaí maithte dhi tré mhéid a grádha. An t-é, ámhthach, d’á maithtear an beagán is beagán a ghrádh.


Nuair airighdar an méid sin d’éisteadar, agus thugadar glóire do Dhia agus dubhradar: Seadh ach tá aithríghe chun na beatha tabhartha ag Dia do sna geintibh féin


Ach d’osgail aingeal an Tighearna dóirse an phríosúin sa n-oidhche agus do leig sé amach iad agus dubhairt sé:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí