Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 15:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Mar an gcéadna, adeirim libh, béidh áthas i measc aingeal Dé mar gheall ar pheacach amháin do‐ghní aithrighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Deirim libh go mbeidh sé mar an gcéanna i measc aingeal Dé nuair a dhéanfar lúcháir faoi aon pheacach amháin a mbeidh aithreachas air.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Mar sin, deirim libh, go mbéidh lúthgháir i láthair angle Dé fá aon pheacach a ghní aithrighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Mar an gcéadna, a deirim ribh, Bí gáirdeachas ar ainglibh Dé trí éin pheacthach amháin do ní aithrighe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Deirim-se libh-se gur b’ shin mar a bheidh gáirdeachas i láthair aingeal Dé mar gheall ar aon pheacach amáin a dhéanfaidh aithrighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Is amhlaidh sin, deirim libh, a bhíonn áthas i láthair aingil Dé faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Is amhlaidh sin, deirim libh, a bhíonn áthas i láthair aingeal Dé faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 15:10
23 Tagairtí Cros  

D’á bhrigh sin, gach duine admhóchas mise i láthair na ndaoine, admhóchad‐sa eisean i láthair m’Athar atá ar neamh.


Tabhraidh aire gan dímheas do chaitheamh ar aoinneach de’n mhuinntir bhig seo; óir adeirim libh, go mbíonn a n‐aingil sin, ar neamh, ag sír‐fhéachaint ar ghnúis m’Athar atá ar neamh.


Ar an gcuma chéadna ní toil le n‐bhúr nAthair atá ar neamh go gcaillfidhe aoinneach de’n mhuinntir bhig seo.


Agus adeirim libh, Cibé duine admhóchas mise i bhfiadhnaise na ndaoine, admhóchaidh Mac an Duine eisean i bhfiadhnaise aingeal Dé:


acht an té shéanfas mise i bhfiadhnaise na ndaoine, séanfar eisean i bhfiadhnaise aingeal Dé.


Adeirim libh, Níorbh eadh: acht muna ndéanaidh sibh‐se aithrighe, bascfar sibh uile ar an gcuma chéadna.


Agus adubhairt sé, Do bhí fear ann agus bhí beirt mhac aige:


Adeirim libh gur ab ar an gcuma chéadna bhéas áthas ar neamh mar gheall ar pheacach amháin do‐ghní aithrighe, seachas naoi bhfíréin déag agus ceithre fichid nach bhfuil gábhadh le h‐aithrighe aca.


Agus nuair do‐gheibh sí é, glaodhann sí chuichi a cáirde agus a cómharsana, g‐á rádh, Déanaidh gáirdeachas liom, óir fuaras an bonn do chailleas.


D’á bhrigh sin adeirim leat, Atá a peacaidhe, a lán mór peacaidhe, maithte dhí; óir ba mhór é a grádh: acht an té d’á maithtear beagán, is beag é a ghrádh.


Agus nuair do‐chualadar an méid sin, do chiúnuigh siad, agus thugadar glóir do Dhia, g‐á rádh, Is léir, mar sin, go bhfuil aithrighe chum na beathadh tabhartha ag Dia do na Cineadhachaibh féin.


Acht d’fhoscail aingeal an Tighearna dóirse an phríosúin san oidhche, agus thug sé amach iad, agus adubhairt,


Óir do‐bheir an doilgheas diadha aithrighe chum slánuighthe nach dtugann aithmhéala: acht do‐bheir doilgheas an tsaoghail an bás.


Óir dob’ fhéidir gurbh amhlaidh do bhí sé scartha leat ar feadh tréimhse chum go mbéadh sé agat go deo;


Nach spioraidí freastail iad go léir, atá curtha amach chum friothálmha ortha‐san go bhfuil an slánughadh i ndán dóibh mar oidhreacht?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí