Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 15:28 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Agus tháinig fearg air, agus ní raghadh sé isteach. Ansan tháinig an t-athair amach agus chrom sé ar thathant air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 Agus tháinig fearg air agus dhiúltaigh sé dul isteach. Tháinig a athair amach a chur impí air,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 Agus bhí fearg air-sean, agus dhiúltuigh sé dul isteach. Ar an adhbhar sin, tháinic a athair amach agus thoisigh sé ghá impidhe.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Acht tháinig fearg air, agus ní rachadh sé isteach: agus tháinig a athair amach agus do chuir sé impidhe air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Agus do ghabh fearg eision, agus nior bháill leis dul a sdeach: uimesin tháinic a athair amach, agus do ghoir sé chuige é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 Ach bhí fearg air agus níorbh áil leis dul isteach. Tháinig a athair amach ag achainí air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

28 Ach bhí fearg air agus níorbh áil leis dul isteach. Tháinig a athair amach ag achainí air.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 15:28
25 Tagairtí Cros  

Nuair a fuaradar é chromadar ar cheisneamh i n-aghaidh an fhir thighe,


Agus tháinig chuige lobhar, ’ghá ghuidhe, agus d’úmhluigh sé dhó agus dubhairt sé: Má’s toil leat é is féidir duit mé ghlanadh.


A Ierúsalem, a Ierúsalem, a mharbhuigheann na fáidhe, agus a ghabhann do chlochaibh ar na daoine a curtar chúghat, cad é a mhinice dob’ áil liom do chlann a chruinniú, mar a chruinnigheann an t-éan a h-ál fé n-a sgiathánaibh, agus níos bh’áil leat!


Agus bhí na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí ag ceisneamh, agus deiridís: Ar ndó, glacann an fear so na peacaigh agus itheann sé bia ’n-a bhfochair.


Agus dubhairt seisean, Tháinig do dhritháir, agus do mhairbh t’athair an gamhain ramhar toisg é theacht slán chuige.


Agus dubhairt seisean le n’athair ’ghá fhreagradh: Féach, táim-se ag obair duit na blianta so go léir, agus níor dhiúltuigheas riamh do rud a déanamh ort, agus níor thugais riamh dom oiread agus mionán chun súbhachais a dheanamh le m’cháirdibh;


Agus go bhfógrófaí i n’ ainim, tré sna geinte go léir, ag tusnú ó Ierúsalem, aithrighe agus maitheamhnachas peacaí.


Agus bhí na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí ag gluaireán, agus deiridís le n-a dheisgiobuil-sin: Cad chuige dhaoibh bheith ag ithe agus ag ól i gcuíbhreann puibliocánach agus peacach?


Agus do chonaic an Fairisíneach a thug cuireadh dhó an nídh sin agus dubhairt sé i n’aigne féin: Dá mba fáidh an fear so bheadh fhios aige, gan amhras, cé h-í an bhean so atá ag teangabháil leis agus cad é an saghas í, gur bean pheacamhail í.


Ansan nuair a chonnaic na Iúdaígh na sluaighte do líonadar d’fhormad agus bhiodar ag bréagnú na cainnte a deireadh Pól, go diamhasluightheach.


Ach do shéid na Iúdaígh fé sna mnáibh diadha onóracha agus fé uaisibh na catharach agus mhúsgladar géareanmhaint ar Phól agus ar Bharnabas agus chomáineadar as an dtír iad.


Ach bhí na deisgiobuil ’n-a thímpall agus d’eirigh sé agus tháinig sé isteach sa chathair, agus amáireach a bhí chughainn d’imthigh sé féin agus Barnabas so Derbhé.


Ach na Iúdaígh a bhí díchreideamhach, do ghríosadar agus do shéideadar suas chun feirge aigne na ngeinte i gcoinnibh na mbráithre.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí