Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 15:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus dorinne na Fairisínigh agus na scríobhaidhthe gearán, g‐á rádh, Fáiltigheann an fear so roimh na peacachaibh, agus itheann sé ’n‐a gcuibhreann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Agus bhíodh na Fairiséigh agus na scríobhaithe ag fáil locht air, á rá faoi, “Bíonn fáilte ag an bhfear seo roimh na peacaigh agus bíonn sé ag ithe ina gcuideachta.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus rinne na Fairisínigh agus na Scríobhaidhthe monabhar, ag rádh: Glacann an fear seo peacaigh chuige, agus itheann sé ina gcuideachta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do rinneadar na Phairisínigh agus na sgríobuidhe munmhar, ag rádh, Gabhuidh an feporso peachtaigh chuige, agus ithidh sé bíadh na bhfochair.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus bhí na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí ag ceisneamh, agus deiridís: Ar ndó, glacann an fear so na peacaigh agus itheann sé bia ’n-a bhfochair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Agus bhí na Fairisínigh agus na scríobhaithe ag monabhar: “Glacann an duine seo peacaigh chuige,” deiridís, “agus itheann sé ina gcuibhreann.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Agus bhí na Fairisínigh agus na scríobhaithe ag monabhar: “Glacann an duine seo peacaigh chuige,” deiridís, “agus itheann sé ina gcuibhreann.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 15:2
12 Tagairtí Cros  

Tháinig Mac an Duine ag ithe agus ag ól, agus is é adeirid, Féach an duine craosach, agus póitire an fhíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacach! Acht cheana is le n‐a gníomharthaibh fíorthar an eagna.


Agus nuair do chonnaic na Fairisínigh sin adubhradar le n‐a dheisceablaibh, Cad chuige a n‐itheann bhúr Máighistir biadh i bhfochair na bpoibleacán agus na bpeacach?


Agus do labhair sé leo an tsamhlaoid seo, g‐á rádh,


Agus nuair do chonnacadar uile sin, do bhíodar ag ceisneamh go mí‐chéadfach, g‐á rádh, Do chuaidh sé ar aoidheacht isteach ag fear atá ’n‐a pheacach.


Agus do bhí na Fairisínigh agus a scríobhaidhthe ag ceasacht le n‐a dheisceablaibh, g‐á rádh, Cad chuige dhaoibh‐se bheith ag ól agus ag ithe i gcuideachtain poibleacán agus peacach?


Tháinig Mac an Duine, agus é ag ithe agus ag ól; agus adeir sibh, Féach, an duine craosach, pótaire an fhíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacach!


Agus an Fairisíneach thug an cuireadh dhó, nuair do chonnaic sé sin, adubhairt sé ’n‐a inntinn féin, Dá mba fáidh an fear so, do bhéadh a fhios aige cia h‐í an bhean so atá ag baint leis, agus caidé an sórt í, gur peacach í.


Do‐chuadhais‐se isteach i measc daoine gan timcheall‐ghearradh ortha, agus do chaithis biadh ’n‐a bhfochair.


Óir sara dtáinig daoine áirithe ó Shéamas, do bhíodh sé ag ithe i gcuideachtain na gCineadhach: acht nuair tháinig siad‐san, do tharraing sé siar agus d’éaluigh sé uatha, ar eagla luchta an timcheall‐ghearrtha.


Is inchreidthe an focal é, agus is fiú glacadh ar fad leis, go dtáinig Íosa Críost isteach san tsaoghal chum peacaigh do shlánú; agus is mise an té is measa dhíobh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí