Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 15:29 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt sé le n‐a athair, Féach, atáim‐se ag obair dhuit na bliadhanta fada so, agus níor sháruigheas t’órdú riamh: agus ’n‐a dhiaidh sin ní thugais oiread agus meannán dom chum go ndéanfainn súbhachas lem’ cháirdibh:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

29 ach dʼfhreagair sé impí a athar mar seo, ‘Bʼshiúd mé an iomad seo blianta ag obair duit, gan dʼordú a shárú riamh; agus gan tú oiread agus meannán a thabhairt dom, le pléisiúr a dhéanamh le mo chairde.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

29 Agus d’fhreagair seisean, agus dubhairt le n-a athair: Féach, an méid bliadhan atá mise ag déanamh seirbhíse duit, ní dheachadh mé ariamh thar do chómhairle, agus ní thug tú fiú mionnán damh le féasta a dhéanamh i gcuideachta mo charad;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Achd ar bhfreaga dhosan a dubhairt sé ris a athair, Féuch, a táimsi ag déanamh agus nior sháruigh mé haithne a riamh: gídheadh ní thug tú fin an mheannáin dhamh ariamh, ionnus go mbéinn go súgach rém cháirdibh:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Agus dubhairt seisean le n’athair ’ghá fhreagradh: Féach, táim-se ag obair duit na blianta so go léir, agus níor dhiúltuigheas riamh do rud a déanamh ort, agus níor thugais riamh dom oiread agus mionán chun súbhachais a dheanamh le m’cháirdibh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

29 Ach dúirt sé lena athair dá fhreagairt: ‘Féach féin a bhfuilim de bhlianta ag seirbhís duit agus ní dheachaigh mé riamh thar do réir, agus riamh níor thug tú dom mionnán gabhair chun go ndéanfainn aoibhneas le mo chairde.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

29 Ach dúirt sé lena athair á fhreagairt: ‘Féach féin a bhfuilim de bhlianta ag seirbhís duit agus ní dheachaigh mé riamh thar do réir, agus riamh níor thug tú dom mionnán gabhair chun go ndéanfainn aoibhneas le mo chairde.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 15:29
23 Tagairtí Cros  

g‐á rádh, Níor oibrigh an dream deireannach so ach uair amháin, agus do chuiris‐se ar aon chomhthrom leo sinne d’fhulang cruadhtan an lae agus an brothall.


Acht tháinig fearg air, agus ní rachadh sé isteach: agus tháinig a athair amach agus do chuir sé impidhe air.


acht an mac so leat, go bhfuil do chuid ídighthe aige le méirdreachaibh, nuair tháinig seisean, do mharbhais dó‐san an laogh biadhta.


Adeirim libh gur ab ar an gcuma chéadna bhéas áthas ar neamh mar gheall ar pheacach amháin do‐ghní aithrighe, seachas naoi bhfíréin déag agus ceithre fichid nach bhfuil gábhadh le h‐aithrighe aca.


Mar sin daoibh féin, nuair bhéas gach ar h‐órduigheadh dhaoibh déanta agaibh, abraidh, Seirbhísigh neamh‐fhoghanta sinne; do‐rinneamar an nídh ba dhual dúinn do dhéanamh.


Agus adubhairt sé an tsamhlaoid seo le dream a bhí muinighineach asta féin gur dhaoine fíréanta iad, agus ag a raibh tarcuisne ar chách eile:


óir do bhí eagla orm, mar is duine dúr thú: tógann tú an nidh nár chuiris síos, agus baineann tú an nídh nár chuiris.


Óir, ar mbeith gan eolas ar fhíréantacht Dé dhóibh, agus iad d’iarraidh a bhfíréantacht féin do bhunadh, níor umhluigheadar d’fhíréantacht Dé.


óir ní fíréanóchar duine ar bith ’n‐a fhiadhnaise tré oibreachaibh dlighe: óir is tré dhlighe thagas eolas an pheacaidh.


Cia an t‐adhbhar maoidhmheachais atá ann, mar sin? Ní fhuil sé ceaduighthe. Ag cia an dlighe? Ag dlighe na h‐oibreach, an eadh? Ní h‐eadh, acht ag dlighe an chreidimh.


Do mhairinn‐se beo, tráth, taobh amuigh de’n dlighe: acht le teacht na h‐aithne, d’aithbheodhuigh an peacadh, agus do chuadhas‐sa i n‐éag,


An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. An té bheireas buaidh, do‐bhéarfad dó‐san cuid de’n mhanna foluighthe, agus do‐bhéarfad dhó cloch gheal, agus ainm nua scríobhtha ar an gcloich, nach bhfuil eolas air ag aoinneach, acht ag an té gheibheas í.


De bhrigh go n‐abrann tú, Atáim saidhbhir agus maoin ar mo mhian agam, gan uireasbhaidh éinnidh orm; gan a fhios agat gur tusa an duine dearóil, anróiteach, bocht, dall, lomnocht:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí