Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 15:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus tamall beag ’n‐a dhiaidh sin do bhailigh an mac do b’óige a chuid le chéile, agus d’imthigh sé ar aistear go tír i gcéin; agus do scaip sé a chuid le ragairne.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 Ní dheachaigh mórán laethanta thart gur chruinnigh an mac ab óige a raibh aige, agus gur imigh sé leis ar a aistear chuig tír a bhí i bhfad ar shiúl, agus gur scaip sé a mhaoin ar drabhlás.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Agus i gcionn beagán laethe ina dhiaidh sin, ar chruinniughadh a choda go léir le chéile do’n mhac a b’óige, chuaidh sé ar an choigchrích go tír í bhfad i gcéin, agus scaip sé a mhaoin annsin ag caitheamh a shaoghail le drobhlas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus tar éis bheagáin aimsire ag cruinniughadh a choda uile don mhac dob óige, do chúaidh sé air coigcrigh adtalamh imchían, agus do dhiombail sé ann sin a mhaóin lé na bheathaidh baoth-chaithfigh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus tar éis beagán laethanta do bhailigh an mac ab óige chuige a chuid go léir, agus d’imthigh sé go dúthaigh iasachta abhfad ó bhaile, agus do sgaip sé a chuid le baois agus le rabairne.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Agus i gcionn beagán laethanta, tar éis don mhac ab óige gach ní a bhailiú le chéile, dʼimigh sé ar an gcoigrích go tír i gcéin, agus scaip a shealúchas ansiúd, ag tabhairt a shaoil go drabhlásach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 Agus i gcionn beagán laethanta, tar éis don mhac ab óige gach ní a bhailiú le chéile, d'imigh sé ar an gcoigrích go tír i gcéin, agus scaip a shealúchas ansiúd, ag tabhairt a shaoil go drabhlásach.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 15:13
35 Tagairtí Cros  

agus adubhairt an mac do b’óige le n‐a athair, A athair, tabhair dhom an chuid ded’ mhaoin atá ag dul dom. Agus do roinn sé a mhaoin eadortha.


Agus nuair do bhí gach éinnidh caithte aige tháinig gorta an‐mhór sa tír sin; agus do thosnuigh sé ar bheith i ngábhatar.


acht an mac so leat, go bhfuil do chuid ídighthe aige le méirdreachaibh, nuair tháinig seisean, do mharbhais dó‐san an laogh biadhta.


Agus adubhairt sé fós le n‐a dheisceablaibh, Do bhí duine saidhbhir ann, agus do bhí maor aige; agus do‐rinneadh gearán leis ’n‐a thaobh, go raibh sé ag cur a mhaoine amugha.


Agus do bhí fear saidhbhir ann, ar a mbíodh éadach corcra agus línéadach mín, agus é ag déanamh fleidhe le sáimhe gach lá:


Acht anois, sibh‐se do bhí i gcéin roimhe seo, atá sibh tabhartha i gcómhgar tré fhuil Chríost.


agus tháinig sé agus d’fhógair sé síothcháin daoibh‐se do bhí i gcéin, agus síothcháin dóibh‐sean do bhí i gcómhgar:


agus do‐gheobhaidh siad tuarastal a gcuirptheachta. Is geal leo mar phléisiúr bheith ag dreabhlas i lár an lae; dream salach, máchaileach, iad go scléipeach ’n‐a bhféastaibh grádha, ag caitheamh fléidhe dhóibh ’n‐bhur gcuideachtain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí