Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 15:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus d’éirigh sé agus tháinig sé chum a athar. Acht do chonnaic a athair é, agus é fós i bhfad uaidh, agus do ghabh truagh mhór dó é, agus do rith sé, agus do chaith sé é féin ar a bhrághaid, agus do phóg sé é go dil, díocra.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

20 Agus dʼéirígh sé ansin go ndeachaigh chuig a athair. Ach nuair a bhí sé tamall uaidh go fóill, chonaic a athair é, agus thug sé trua dó, agus rith sé chuige gur chuir a dhá láimh thairis agus gur thug sé póg dó.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

20 Agus d’éirigh sé agus tháinic ag triall ar a athair. Agus chonnaic a athair é, nuair a bhí sé go fóill i bhfad uaidh, agus bogadh le truaighe é, agus ag rith chuige dó, chrom sé fá n-a mhuinéal, agus phóg sé é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Agus deirigh sé, agus do chuáidh sé dionnsuighe a athaar. Agus ar mbeith fós a gcíanúadh dhó do chonnaire a athair é, agus do ghabh truáighe mhór dhó é, agus ag rith dhó, do chrom sé fá na bhrághuid, agus do phóg sé é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus d’eirigh sé agus tháinig sé fé dhéin a athar. Agus an fhaid a bhí sé fós abhfad uaidh, do chonaic an t-athair é, agus tháinig ana-thruagh aige dhó, agus do rith sé chuige agus chaith sé é féin ar a bhrághaid agus do phóg sé é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

20 Chuir sé chun bóthair ag triall ar a athair. Ach le linn dó fós a bheith i bhfad uaidh, chonaic a athair é agus ghabh trua é, agus rith sé chuige, dá chaitheamh féin ar a bhráid agus dá mhúchadh le póga.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

20 Chuir sé chun bóthair ag triall ar a athair. Ach le linn dó fós bheith i bhfad uaidh, chonaic a athair é agus ghabh trua é, agus rith sé chuige, á chaitheamh féin ar a bhráid agus á mhúchadh le póga.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 15:20
22 Tagairtí Cros  

ní fiú mé feasta go luadhfaidhe mé mar mhac duit: déan duine ded’ lucht tuarastail díom.


Agus adubhairt an mac leis, A athair, do‐rinneas peacadh i n‐aghaidh neimhe, agus id’ fhiadhnaise‐se: ní fiú mé feasta go luadhfaidhe mé mar mhac duit.


Óir is daoibh‐se agus do bhúr sliocht do‐rinneadh an gheallamhain, agus dóibh‐sean go léir atá i gcéin, an oiread sin díobh agus ghlaodhfas an Tighearna, ár nDia, chuige.


Agus do bhris a ngol ortha go léir, agus chuireadar a lámha timcheall ar mhuineál Phóil,


Acht anois, sibh‐se do bhí i gcéin roimhe seo, atá sibh tabhartha i gcómhgar tré fhuil Chríost.


agus tháinig sé agus d’fhógair sé síothcháin daoibh‐se do bhí i gcéin, agus síothcháin dóibh‐sean do bhí i gcómhgar:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí