Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 15:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus adubhairt an mac leis, A athair, do‐rinneas peacadh i n‐aghaidh neimhe, agus id’ fhiadhnaise‐se: ní fiú mé feasta go luadhfaidhe mé mar mhac duit.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 Agus dúirt an mac leis, ‘A athair, is peacach mé in aghaidh neimhe agus os do chomhairse; ní fiú mé go measfaí mar do mhac mé níos faide.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Agus dubhairt an mac leis: A athair, pheacuigh mé i n-aghaidh neimhe, agus ós do chómhair-se, agus ní fiú mé anois do mhac a ghairm díom.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus a dubhairt an mac ris, A athair, do pheacaigh méa naghuidh neimhe, agus ad fhiadhnuisisi, agus ní fiu mé feasda do mhacsa do ghairim dhiom.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus dubhairt an mac leis: A athair, tá peacadh déanta agam i n-aghaidh neimhe agus ad’ láthair-se; ní fiú mé feasda go ndéarfaí gur mac duit mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 Dúirt an mac leis: ‘A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthair-se; ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 Dúirt an mac leis: ‘A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthairse; ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 15:21
10 Tagairtí Cros  

Agus d’éirigh sé agus tháinig sé chum a athar. Acht do chonnaic a athair é, agus é fós i bhfad uaidh, agus do ghabh truagh mhór dó é, agus do rith sé, agus do chaith sé é féin ar a bhrághaid, agus do phóg sé é go dil, díocra.


Acht adubhairt an t‐athair le n‐a sheirbhíseachaibh, Beiridh amach láithreach an chulaith is fearr, agus cuiridh air í; agus cuiridh fáinne ar a mhéir agus bróga ar a chosaibh:


Nó an beag is fiú leat saidhbhreas a mhór‐mhaitheasa agus a fhad‐fhulaing agus a fhoighde, gan a fhios agat gur ab é maitheas Dé atá gad’ tharraing chum aithreachais?


Mar sin de, ag peacú i n‐aghaidh na mbráthar agus ag lot a gcoinsiais laig, is amhlaidh pheacuigheas sibh i n‐aghaidh Chríost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí