Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 15:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Agus adubhairt seisean leis, Tháinig do dhearbhráthair; agus do mharbh t’athair an laogh biadhta, toisc go bhfuair sé slán beo arís é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

27 Agus dúirt sé leis, ‘Tá do dheartháir i ndiaidh teacht, agus dʼathair i ndiaidh an lao biata a mharú, ó dʼfhill sé chuige slán sábháilte.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

27 Agus dubhairt seisean leis: Tháinic do dhearbhráthair, agus mharbh d’athair an gamhain reamhar, de bhrígh go bhfuair sé thar ais slán é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Agus a dubhairt seision ris, Do dhearbhráthairsi thánic: agus do mharbh hathair anláogh bíadhta, ar son go bhfuair sé slán a ris é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Agus dubhairt seisean, Tháinig do dhritháir, agus do mhairbh t’athair an gamhain ramhar toisg é theacht slán chuige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

27 Dúirt seisean leis: ‘Do dheartháir a bheith tagtha, agus mharaigh dʼathair an lao biata de chionn go bhfuair sé ar ais slán é.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 15:27
8 Tagairtí Cros  

Arís do chuir sé uaidh searbhóntaí eile, g‐á rádh, Innisidh dhóibh‐sean a fuair cuireadh, Féach, atá m’fhéasta ullamh agam: atá mo mhairt agus m’ainmhidhthe biadhta marbhtha agam, agus atá gach aon nidh i gcóir: tigidh chum na bainse.


Agus do ghlaodh sé chuige duine de na seirbhíseachaibh, agus d’fhiafruigh sé dhe créad do bhí ar siubhal.


Acht tháinig fearg air, agus ní rachadh sé isteach: agus tháinig a athair amach agus do chuir sé impidhe air.


acht an mac so leat, go bhfuil do chuid ídighthe aige le méirdreachaibh, nuair tháinig seisean, do mharbhais dó‐san an laogh biadhta.


tháinig sé chugam, agus, ’n‐a sheasamh dhó lem’ ais, adubhairt sé liom, A Shaul, a bhráthair, bíodh do radharc agat. Agus an uair chéadna do dhearcas air.


Agus d’imthigh Ananias, agus do chuaidh sé isteach san tigh; agus do chuir sé a lámha air agus adubhairt, A Shaul, a bhráthair, an Tighearna Íosa do thaisbeán é féin duit san tslighe agus tú ag teacht, do chuir sé mise chugat, chum go bhfaightheá do radharc athuair, agus go líonfaidhe thú de’n Spiorad Naomh.


ní mar sheirbhíseach feasta, acht mar dhuine is mó ’ná seirbhíseach, mar bhráthair ionmhain, ionmhain liom‐sa, go mórmhór, acht gur mó is annsa leat‐sa é san bhfeoil agus san Tighearna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí