Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 15:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Éireochad agus rachad chum m’athar, agus adéarfad leis, A athair, do‐rinneas peacadh i n‐aghaidh neimhe, agus id’ fhiadhnaise‐se:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 Bím ag éirí agus ag dul chuig mʼathair, agus déarfaidh mé leis, “A athair, is dubh ar mʼanam é, agus mé i mo pheacach os comhair neimhe agus os do chomhairse;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 Éireochaidh mé agus rachaidh mé chuig m’athair, agus déarfaidh mé leis: A athair, pheacuigh mé i n-aghaidh neimhe agus ós do chómhair-se;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Fíréochaid mé agus rachaidh médionnsuighe mathar, agus déaruidh mé ris, A athair, do pheacaigh mé a naghaidh neimhe agus ad fhíadhnuisisi,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Eireóchad agus raghad ag triall ar m’athair agus déarfad leis, A Athair, tá peacadh déanta agam i n-aghaidh neimhe agus ad’ láthair-se;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 Cuirfidh mé chun bóthair agus rachaidh mé chun mʼathar agus déarfaidh mé leis: A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthair-se;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

18 Cuirfidh mé chun bóthair agus rachaidh mé chun m'athar agus déarfaidh mé leis: A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthairse;

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 15:18
36 Tagairtí Cros  

agus do bhaist sé i nIórnán iad, agus iad ag admháil a bpeacadh.


Óir, má mhaitheann sibh do dhaoinibh a gcionnta, maithfidh bhúr n‐Athair neamhdha bhúr gcionnta dhaoibh‐se mar an gcéadna;


D’á bhrigh sin déanaidh‐se urnaighe mar seo: Ár nAthair atá ar neamh, go naomhuightear t’ainm;


D’á bhrigh sin, má’s eol daoibh‐se, atá go h‐olc, cionnas deagh‐bhronntanais do thabhairt d’bhúr gclainn, nach dóchaighe go mór go dtiubhraidh bhúr nAthair atá ar neamh deagh‐bhronntanais dóibh‐sean iarrfas air iad?


Agus adubhairt sé leo, Nuair do‐ghní sibh urnaighe, abraidh, A Athair, Go naomhthar t’ainm. Go dtigidh do ríoghacht.


Acht nuair do chruinnigh sé a mheabhair, adubhairt sé, Nach iomdha searbhónta atá ag m’athair agus breis agus a ndóthain aráin aca, agus mise annso ag fágháil bháis le h‐ocras!


ní fiú mé feasta go luadhfaidhe mé mar mhac duit: déan duine ded’ lucht tuarastail díom.


Agus adubhairt an mac leis, A athair, do‐rinneas peacadh i n‐aghaidh neimhe, agus id’ fhiadhnaise‐se: ní fiú mé feasta go luadhfaidhe mé mar mhac duit.


Acht d’fhan an poibleacán ’n‐a sheasamh i bhfad siar, agus ní dhéanfadh sé fiú amháin a shúile d’árdú chum neimhe, acht do bhí sé ag bualadh a uchta, agus g‐á rádh, A Dhia, déan trócaire orm‐sa, peacach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí