Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 15:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus ba mhian leis a sháith d’ithe de na féithleogaibh dh’itheadh na muca, agus ní thug aon duine rud dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Agus bhí fonn air bheith beo ar na faighneoga a bhí mar bhia ag na muca; agus gan déirc le fáil aige ó aon duine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Agus bhíodh dúil aige a bholg a líonadh leis na folaigheoga a d’itheadh na muca, agus ní thabharadh aoinneach dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus bá mhian leis a bhlog do Líonadh do na féithéoguibh do na muca: agus ní thugadh éanduine dhó íad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus ba mhaith leis a bholg a líonadh de sna féithleógaibh a dh’itheadh na muca, agus ní thabharfadh aoinne dhó iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Agus ba é ba mhian leis a bholg a líonadh de na féithleoga a dʼitheadh na muca, agus ní thugadh aon duine dó iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Agus ba é ba mhian leis a bholg a líonadh de na féithleoga a d'itheadh na muca, agus ní thugadh aon duine dó iad.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 15:16
13 Tagairtí Cros  

Ná tabhraidh an nidh naomhtha do na madraibh, agus ná caithidh bhúr bpéarlaí i láthair na muc, ar eagla go ngabhfaidís de chosaibh ortha, agus go n‐iompóchaidís agus go réabfaidís as a chéile sibh.


Agus d’imthigh sé, agus do chuaidh sé ar aimsir le duine de lucht áitreibh na tíre sin; agus do chuir seisean amach é fá’n tír ag buachailleacht muc.


Acht nuair do chruinnigh sé a mheabhair, adubhairt sé, Nach iomdha searbhónta atá ag m’athair agus breis agus a ndóthain aráin aca, agus mise annso ag fágháil bháis le h‐ocras!


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí