Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 16:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus do ghlaoidh sé chuige é, agus dubhairt sé leis, Cad é seo a chloisim ad’ thaobh-sa? Tabhair cúntas ad’ stíbhardaidheacht, mar ní fhéadfair bheith ad’ stíbhard feasda.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Ghlaoigh sé chuige ansin é agus ar seisean leis, ‘Cad é sin a chluinim fútsa? Tabhair cuntas ar do mhaoracht, mar ní fhéadfaidh tú bheith i do mhaor níos faide.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus ghoir sé chuige é, agus dubhairt sé leis: Cad é seo a chluinim fá dtaoibh díot? Tabhair cunntas ar do stiubhardacht uait; óir ní thig leat a bheith i do stiubhard anois níos fuide.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do ghlaodh sé chuige é, agus adubhairt sé leis, Créad é seo do‐chluinim id’ thaobh‐sa? tabhair cunntas do mhaoirseachta; óir ní fhéadfair bheith id’ mhaor agam feasta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus ar na ghairm chuige dho, a dubhairt sé ris, Créd é so do chluinim ort?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Chuir sé fios air agus dúirt leis: ‘Cad é seo a chluinim mar gheall ort? Tabhair cuntas uait i do mhaoirseacht, óir ní féidir tú a bheith i do mhaor feasta.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Chuir sé fios air agus dúirt leis: ‘Cad é seo a chluinim mar gheall ort? Tabhair cuntas uait i do mhaoirseacht, óir ní féidir thú a bheith i do mhaor feasta.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 16:2
23 Tagairtí Cros  

Agus deirim libh, an uile fhocal díomhaoin d’á labhraid daoine, go dtabharfaid siad cúntas ann lá an bhreitheamhantais.


Nuair a bhí an tráthnóna ann, dubhairt tighearna an fhiónghuirt le n-a stíbhard: Glaoidh ar an lucht oibre, agus tabhair a dtuarasdal dóibh, agus turnuigh leis an muintir is déanaighe a tháinig, go dtí an mhuintir is luatha a tháinig.


Ach dubhairt Dia leis: A amadáin, éileófar t’anam ort anocht féin, agus cé aige go mbeidh a bhfuil cruinnighthe agat?


Agus dubhairt an Tighearna: Cé h-é, dar leat-sa, an stíobhard dílis ciallmhar á chuir an Tighearna os cionn a theaghlaigh chun a dtómhais cruithneachtan a thabhairt dóibh i dtráth?


Ansan dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Bhí duine saidhbhir ann agus bhí stíbhard aige, agus do h-innseadh do, ’n-a thaobh, go raibh sé ag sgaipeadh a choda.


Ansan dubhairt an stíbhard i n’aigne féin. Cad a dhéanfad, ó tá mo mháighistir ag baint na stíbhardaidheachta dhíom? Ní’lim ábalta ar rómhar a dhéanamh; is nár liom déirc do lorg.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí