Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 16:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Ansan dubhairt an stíbhard i n’aigne féin. Cad a dhéanfad, ó tá mo mháighistir ag baint na stíbhardaidheachta dhíom? Ní’lim ábalta ar rómhar a dhéanamh; is nár liom déirc do lorg.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Agus dúirt an maor leis féin ina chroí, ‘Cad é a dhéanfas mé, ó tá mo mháistir do mo chur as an maoracht? Níl mé láidir go leor le dul a rómhar, agus ní ligeann an náire dom dul ag iarraidh déirce.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus dubhairt an stiubhard leis féin: Cad é dhéanfas mé, óir tá mo thighearna ag baint na stuibhardachta díom? Ní thig liom rómhar, agus is náir liom déirc d’iarraidh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus adubhairt an maor ’n‐a aigne féin, Créad do‐ghéanad, agus mo mháighistir ag baint na maoirseachta dhíom? Ní fhuil neart agam chum rómhar do dhéanamh; is nár liom bheith ag iarraidh déirce.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus a dubhairt an sdíobhard ris féin, Créd do dhéana mé? óir atá mo thighearna ag buáin na sdíobhardachda dhióm; ní héidiir leam roghmhar do dheanamh: agus is nair leam déirc iarruidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Ansin dúirt an maor ina aigne: ‘Cad a dhéanfaidh mé, óir tá mo mháistir ag baint na maoirseachta díom? Níl neart ionam chun rómhair, ba náir liom dul le déirc.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Ansin dúirt an maor ina aigne: ‘Cad a dhéanfaidh mé, óir tá mo mháistir ag baint na maoirseachta díom? Níl neart ionam chun rómhair, ba nár liom dul le déirc.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 16:3
26 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí an tráthnóna ann, dubhairt tighearna an fhiónghuirt le n-a stíbhard: Glaoidh ar an lucht oibre, agus tabhair a dtuarasdal dóibh, agus turnuigh leis an muintir is déanaighe a tháinig, go dtí an mhuintir is luatha a tháinig.


Agus thánadar go Ierichó. Agus nuair a bhí sé féin agus a dheisgiobuil ag dul amach a’ Ierichó agus mórán daoine i n-aonfheacht leó, bhí an dall, Bar-Timéus, mac Timéi, ’n-a shuidhe i n-aice an bhóthair agus é a d’iarraidh déarca.


Agus do mhachtnaimh sé i n’ aigne agus dubhairt sé: Cad a dhéanfad? óir ní’l áit agam n-a gcruinneóchad mo chuid torthaí.


Agus do ghlaoidh sé chuige é, agus dubhairt sé leis, Cad é seo a chloisim ad’ thaobh-sa? Tabhair cúntas ad’ stíbhardaidheacht, mar ní fhéadfair bheith ad’ stíbhard feasda.


Agus bhí lasmuigh d’á dhorus sínte, bochtán dár bh’ainim Lasarus, agus é lán d’othrasaibh;


Agus thárla go bhfuair an duine bocht bás, agus gur rug na h-aingil suas é go h-ucht Ábrahaim. Agus fuair an fear saidhbhir bás, agus do cuireadh i n-ifreann é.


Tá fhios agam cad a dhéanfad, i dtreó, nuair a curfar as an stíbhardaidheacht mé, go nglacfaid siad ’n-a dtighthibh mé.


Agus ní déanfadh ar feadh abhfad. Ach ’n-a dhiaidh san dubhairt sé i n’aigne féin, Bíodh ná fuil eagla Dé orm ná beann ar dhaoine agam,


Ansan dubhairt a chómharsain agus na daoine a chonaic roimis sin é agus é a d’iarraidh déarca: Nách é seo an fear a bhíodh ’n-a shuidhe ag lorg déarca? Agus dubhairt daoine: Isé é.


Agus bhí duine áirithe a bhí ’n-a mhairtíneach ó bhroinn a mháthar, agus bhítheas ’ghá iompar. Do curtí gach lá é ag geata an teampuil, ag an ngeata ar a dtugtí an geata Áluinn, ionus go n-iarrfadh sé déirc ar an muinntir a bheadh ag dul isteach sa teampul.


Agus dubhairt seisean agus é ag crith le h-uathbhás: A Thighearna, cad is toil leat a dhéanfainn?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí