Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 16:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus do bhí fear saidhbhir ann, ar a mbíodh éadach corcra agus línéadach mín, agus é ag déanamh fleidhe le sáimhe gach lá:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 “Bhí fear saibhir ann, a mbíodh éadaí de chorcra agus de chaol-línéadach air, agus féasta costasach aige gach aon lá.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

19 Bhí duine saidhbhir áirithe ann, agus é gléasta i n-éadach chorcra agus i línéadach mhín, agus théigheadh sé chun bídh go sóghamhail gach lá.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Achd do bhí duine saidhbhir áirgighe ann, agus is é bá héadach dhó purpuir agus sioda, agus do théigheaddh sé chum bídh go roshóghamhuil gach laói:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Bhí duine saidhbhir ann agus é i n-éadach chorcra agus i lín-éadach mhín agus é ag caitheamh bídh bhuacaigh gach lá.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

19 “Bhí fear saibhir ann a mbíodh corcra agus sról rómhín mar éadach air, agus é go taibhseach gach lá ag bord aoibhinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

19 “Bhí fear saibhir ann a mbíodh corcra agus sról rómhín mar éadach air, agus é go taibhseach gach lá ag bord aoibhinn.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 16:19
23 Tagairtí Cros  

Agus do chuireadar éadaighe corcra air, agus do shníomhadar coróin spíne,


Agus nuair do bhí an magadh déanta aca do bhaineadar an chorcair dhe, agus do chuireadar a éadaighe féin air. Agus do rugadar leo é le n‐a chéasadh.


Agus tamall beag ’n‐a dhiaidh sin do bhailigh an mac do b’óige a chuid le chéile, agus d’imthigh sé ar aistear go tír i gcéin; agus do scaip sé a chuid le ragairne.


Agus adubhairt sé fós le n‐a dheisceablaibh, Do bhí duine saidhbhir ann, agus do bhí maor aige; agus do‐rinneadh gearán leis ’n‐a thaobh, go raibh sé ag cur a mhaoine amugha.


Gach aoinneach chuireas uaidh a bhean, agus phósas bean eile, do‐ghní sé adhaltrannas: agus an té phósas an bhean do cuireadh ó n‐a fear, do‐ghní seisean adhaltrannas.


agus do bhí bochtán darbh ainm Lasár sínte ’n‐a luighe le h‐ais a dhorais, é lán de chneadhachaibh,


Agus do bhí an bhean clúduighthe fá éadaighibh caoir‐dhearga agus corcra, agus do bhí sí maisighthe le h‐ór agus le clochaibh luachmhara agus le péarlaibh, agus do bhí cupán óir ’n‐a láimh aici, agus é lán de dheistean agus de bhréantas a drúise,


g‐á rádh, Mo mhairg! mo mhairg! an chathair mór do bhíodh clúduighthe le línéadach mín, agus le corcra, agus le h‐éadach caoir‐dhearg, agus do bhíodh maisighthe le h‐ór, agus le seodaibh luachmhara, agus le péarlaibh!


Dá mhéid dár éirigh sí mórtasach, sáitheach i sadhaile, tabhraidh‐se dhi an oiread céadna de chiapadh agus de dhoilgheas: óir adeir sí ’n‐a croidhe, Atáim im’ shuidhe im’ bhainrioghain, ní baintreabhach mé, agus ní fheicfead lá bróin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí